OIC Céim ar Chéim 3

5. Conas do phroifíl naisc a bhunú

Is é an rud is tábhachtaí ná ábhar ar leith ar chaighdeán maith a scríobh a mbeadh daoine sásta a roinnt ar líne.  

Sa leabhar How to Rank, molann Cyrus Shepard “90% of your effort should go into creating great content, and 10% into link building.” Is é seo an riail 90/10 de bhunú naisc.

 


Má chruthaíonn tú ábhar cabhrach luachmhar i gcónaí, déanfaidh daoine tagairt chuig do leathanach, molfaidh siad do leathanach, roinnfidh siad é, nascfaidh siad chuige, tvuíteálfaidh siad faoi agus seolfaidh siad naisc chuige go nádúrtha. Chun níos mó eolas a fháil faoi seo, caith súil ar an mblag seo

Nóta: is minic nach nasctar le tagairtí atá tuillte. Is minic go ndéanfaidh suíomhanna gréasáin tagairt go dtí do bhranda nó d’ábhar gan nascadh leis. Chun teacht ar na tagairtí atá tuillte agat is féidir leat úsáid a bhaint as Google Alerts. Chun foláireamh a chur ar bun, téigh chuig https://www.google.com/alerts agus cuir isteach eochairfhocail nó eochairfhrása a theastaíonn uait foláireamh a fháil fúthu (ainm do chomhlachta nó ainm do bhranda mar shampla). Nuair a thagann tú ar thagairtí déanta do do bhranda nó do chomhlacht is féidir leat dul i dteagmháil leis na foilsitheoirí agus iarraidh orthu nasc a chur leis.

Cuimhnigh nach leor bheith ag scríobh ábhair, is gá é a chur chun cinn chun naisc a thuilleamh
.