Céard is anailísíocht shonraí ann?
1. Anailísíocht shonraí agus an tábhacht a ghabhann léi
Is éard is anailísíocht ann ná an anailís agus léirmhíniú a dhéantar ar shonraí.
Is éard is sonraí ann ná aon fhaisnéis gur féidir leat a bhailiú, ó uimhreacha go focail agus tuairimí. Go ginearálta, nuair atáimid ag labhairt faoi anailísíocht shonraí táimid ag labhairt faoin anailís a dhéantar ar uimhreacha.
Tá anailísíocht shonraí le fáil i ngach aon áit. Tá tú ag baint úsáid as anailísíocht shonraí má chomhaireann tú do chuid céimeanna ar FitBit nó má bhreathnaíonn tú ar líon na ndaoine a thug “is maith liom” chuig do phostálacha ar na meáin shóisialta.
- Cabhraíonn na tuiscintí a fhaighimid ón anailísíocht shonraí linn chun:
- Cinntí níos fearr a dhéanamh
- Déileáil le mianta na gcustaiméirí agus mianta na gcustaiméirí a shásamh
- Éifeachtúlacht a fheabhsú
Léigh níos mó anseo.