Céard is anailísíocht shonraí ann?

4. Plean tomhais

Seo na cúig chéim a bhaineann le plean tomhais a chur le chéile: 

1. Aithin d’Aidhmeanna
Smaoinigh faoi phríomhaidhm do shuímh ghréasáin. Seo samplaí d’aidhhmeanna le smaoineamh orthu: 
    • Ioncaim a ardú
    • Dílseacht na gcustaiméirí a fheabhsú
    • Branda a thógáil
2. Aithin na PTF gaolmhara
Do gach aidhm is gá duit na straitéisí a úsáidfidh tú chun an aidhm a bhaint amach a shonrú.
Mar shampla:

Aidhm

Ioncaim

Dílseacht na gcustaiméirí

Branda a thógáil

PTF

Díolacháin a ardú

Cur le luach an mheán-ordaithe 

Tuairisceáin a laghdú



3. Méadraigh
Do gach PTF is gá duit na méadraigh a leagadh amach, nó i bhfocal eile, céard iad na rudaí gur féidir leat tomhas a dhéanamh orthu a bhaineann leis an PTF sin?
Ag leanúint ar aghaidh ónár sampla thuas, don PTF “Cur le luach an mheán-ordaithe”, féadfaidh leis na rudaí seo a bheith mar chuid den mhéadrach:

Aidhm

Ioncaim

Dílseacht na gcustaiméirí

Branda a thógáil

PTF

Díolacháin a ardú

Cur le luach an mheán-ordaithe 

Tuairisceáin a laghdú



Méadraigh


Luach airgeadaíochta an mheán-ordaithe






Líon earraí in aghaidh gach idirbhirt




4. Deighilt agus Aidhmeanna
Anois tá sé in am dúinn bheith ag smaoineamh ar aidhmeanna faoi leith a leagadh amach agus faoin deighiltiú. Is gá duit bheith ag smaoineamh ar rudaí cosúil le bheith ag scaradh na PTFanna idir ghléasanna móibíleacha agus ríomhairí deisce. An gá spriocanna/aidhmeanna de réir shuíomh geografach nó spriocanna deimeagrafacha a leagadh amach? Ar chóir d’’ioncam a bheith briste síos de réir chatagóirí éagsúla táirgí?
5. Cur i bhfeidhm
Anois tá sé in am do phlean a chur i gcrích. Is gá duit na céimeanna a bhaineann le bailiú na sonraí atá ag teastáil a aithint. Sa chéad leabhar eile, beimid ag breathnú ar Google Analytics, a chabhróidh leat é sin a dhéanamh.


Chun níos mó eolas agus samplaí a fháil ar phleananna tomhais, breathnaigh ar an alt seo.