Réamhrá ar Google Analytics
2. Ag oscailt cuntais
Tá cuntas Google ag teastáil chun cuntas Google Analytics a oscailt.
Seans go bhfuil cuntas Google agat a úsáideann tú do sheirbhísí eile cosúil le Gmail, Google Drive, Google Calendar, Google+, nó YouTube, gur féidir leat a úsáid, nó is féidir leat cuntas nua a oscailt. Déan cinnte go n-úsáideann tú cuntas a choimeádfaidh tú agus nach bhfuil rochtain ag aon duine eile air. Mar shampla, déan cinnte nach ligeann tú do d’fhorbróir gréasáin cuntas Google a oscailt ar do shon mar dá scarfá uathu amach anseo bheadh do shonraí acu agus bheadh ort tosú arís agus cuntas eile a oscailt.
Lean na céimeanna seo le tús a chur leis an bproiséas:
Céim 1: Logáil isteach ar do chuntas Google
Céim 2: Tabhair cuairt ar shuíomh Google Analytics
Céim 3: Cliceáil ar ‘sign in’ chun cuntas a oscailt
Céim 4: Lean na treoracha ar an scáileán chun do chuntas a oscailt agus chun do chód rianaithe a fháil
Céim 5: Cuir an cód rianaithe le gach leathanach ar do shuíomh gréasáin. Is féidir le d’fhorbróir gréasáin é seo a dhéanamh. Nuair atá an cód curtha agat le do shuíomh ba chóir go bhfeicfidh tú na sonraí ar an bpointe ansin sna tuairiscí fíor-ama de chuid Google Analytics.