Bagairt ar Phasfhocail
4. Bearta Coisctheacha
Is féidir ionsaithe foclóra agus lántrialacha a stopadh má tá an ríomhaire atá agat ag faire amach do thrialacha logála isteach nár éirigh leo. Is féidir le beagnach gach córas ríomhaireachta cosc a chur ar líon na dtrialacha logála isteach. Leis seo, tar éis líon áirithe trialacha, dúntar an cuntas agus ní féidir rochtain a fháil air go dtí go gcuireann an riarthóir an pasfhocal isteach.
Seo roinnt nósanna bainistíochta pasfhocail gur chóir a bheith agat:
- Do phasfhocal a athrú ar bhonn rialta
- Pasfhocail dhifriúla a úsáid ar chuntais dhifriúla
- Ná breac síos do phasfhocal
- Ná déan pasfhocail a chlóscríobh ar ghléasanna nó gréasáin nach bhfuil tú i gceannas orthu
Ar ndóigh tá sé ríthábhachtach pasfhocal láidir a bheith agat. Sa chéad chéim eile, díreoimid ar conas pasfhocail láidre a chruthú.