Contúirtí Líonraithe
2. Ionsaithe Cúléisteachta
Glaoitear ionsaí cúléisteachta ar ionsaithe nuair a dhéanann an t-ionsaitheoir iarracht faisnéis a ghoid nuair atá sí á tarchur nó á fáil ag an líonra. Tá sé an-deacair na cineálacha ionsaithe seo a aimsiú mar ní athraíonn an t-ionsaitheoir na sonraí. Seo a leanas dhá chineál ionsaithe cúléisteachta:
Anailís Tráchta
Is ionsaí anailís tráchta ann ná nuair a idircheapann agus imscrúdaíonn an t-ionsaitheoir trácht ar an ngréasán/líonra chun faisnéis a dhéaduchtú ó phatrúin chumarsáide (suíomh, óstaigh, minicíocht agus fad na dteachtaireachtaí malartaithe).
Cúléisteacht
Is ionsaí cúléisteachta ann ná nuair a éiríonn leis an ionsaitheoir rochtain a fháil ar an trácht ar an líonra agus léann sé na teachtaireachtaí atá á dtarchur trasna an líonra. Go hiondúil bíonn na hionsaitheoirí ag faire amach d’eolas rúnda gur féidir leo a dhíol do chuspóirí coiriúla.
Is minic go ndéanann haiceálaithe ionsaithe cúléisteachta sula ndéanann siad ionsaithe eile.