Eitic: Réamhrá Gearr
4. An luach a bhaineann le hiompar eiticiúil
Is féidir le heitic treoir fhíor phraiticiúil a thabhairt duit féin agus d’eagraíocht. Is iomaí buntáiste a bhaineann le hiompar eiticiúil maith a bheith ag do ghnólacht nó d’eagraíocht:
- Meanma fostaithe agus eagraíochta níos fearr
- Cumas níos fearr chun custaiméirí nua a mhealladh
- Feabhas ar dhílseacht chustaiméirí
- Baol níos lú de nochtadh diúltach agus frithfhreagairt fheargach an phobail de bharr drocheitice
- Cumas níos fearr geallshealbhóirí nó urraithe nua a mhealladh
- Tionchar dearfach sa phobal
Cuireann easpa eitice macántacht d’eagraíochta agus earnáil na heagraíochta i mbaol. Is féidir le drochchinntí eitice tionchar diúltach a bheith acu go fadtéarmach.
É sin ráite, tá moráltachtaí difriúla againn uilig a d’eascair ónár n-óige, reiligiúin, gcultúr agus taithí saoil. Féadfaidh leis na cóid mhóráltachta seo argóintí éagsúla faoi na rudaí atá ceart, cóir agus réasúnta a mhúscailt. In eagraíochtaí, cabhraíonn cód eitice go mór leis an bhfadhb seo. Leagann cód eitice amach na prionsabail atá ann chun an eagraíocht a threorú.
Cliceáil anseo chun sampla a fheiceáil den chód eitice a d’fhorbair Comhairle Idirnáisiúnta na Músaem.
Tugann Cumann Náisiúnta na nAmharc-ealaíon comhairle ar conas cód eitice a fhorbairt do dhánlanna. Cliceáil anseo chun é a fheiceáil.