Eitic agus Tusa
3. Aincheisteanna Eiticiúla
Níl sé éasca nuair is gá duit dul i ngleic le haincheist eitice agus ar ndóigh, tá gach cás difriúil. É sin ráite, tá roinnt ceisteanna le cur san áireamh gur féidir cabhrú leat an cinneadh ceart a dhéanamh:
- An bhfuil dóthain fírice agat chun an cás a thuiscint? M.sh fianaise chrua seachas bheith ag brath ar chúlchaint nó ráflaí?
- An féidir leat níos mó eolas a fháil chun do thuiscint faoin gcás a fheabhasú?
- An gceapann tú go bhfuil aon dlíthe á briseadh?
- An bhfuil cód eitice ag d’eagraíocht? Má tá, an bhfuil tú sásta go bhfuil an cód á leanúint?
- An bhfuil baol ann go ndéanfar damáiste do cháil na heagraíochta má ghlacann tú an cinneadh seo? An mothófá míchompordach dá gcuirfí é seo i bpáipéar nuachtáin mar shampla?
- Conas a mhothaíonn tú go pearsanta? An bhfuil tú compordach agus tú ag glacadh cinneadh mar seo?