1.1: Cad is Réaltacht Fhíorúil ann (5 nóiméad)

Ιστότοπος: UniCampus
Μάθημα: Augmented and Virtual Reality
Βιβλίο: 1.1: Cad is Réaltacht Fhíorúil ann (5 nóiméad)
Εκτυπώθηκε από: Gość
Ημερομηνία: Παρασκευή, 18 Απριλίου 2025, 7:37 AM
Projection of a minotaur by a magic lantern.
Musschenbroek's Magic Lantern (1721).

Fadó fadó..

Déantóir uirlisí san Ísiltír ab ea Jan van Musschenbroek - Ina cheardlann bhí go leor aireagán aisteach, idir chaidéil aeroibrithe agus mhicreascóip. Dhíol sé ceann acu lena chara Willem, a bhí ina fhisiceoir ag an am ar 100 gildear. Ní bheadh súil ag duine ar bith acu go gcuirfeadh aireagán Jan tús le tionscal na scannán sa 19ú haois.

Tá spéis ag daoine amhail Jan agus Willem ó thús ama i ndomhain dhodhéanta a chruthú - saol na n-aislingí agus an fhicsin eolaíochta. Ba iad siúd na chéad fhorbróirí de réaltacht fhíorúil.


From the orchestra hall to the prison.
Image content from Justraveling.com and Ilsladkih (CC-BY-SA 4.0)

Dearadh don Réaltacht Fhíorúil

Ligeann Réaltacht Fhíorúil dúinn mar dhearthóirí eispéiris réalaíocha a ghineann ríomhaire a chruthú, ar bhealaí nach féidir linn a dhéanamh sa saol mar atá. Fágann sé an lucht féachana le mothú go bhfuil siad ann agus go n-athróidh rudaí a dhéanann siad an méid a fheiceann siad ar bhealach éigin

  • Is féidir le dearthóirí eispéiris VR a úsáid chun daoine a chur i mbróga daoine eile agus ligean dóibh tuiscint a bheith acu le daoine eile.
  • Is féidir le dearthóirí músaem taispeántais a fheabhsú, trí ainmhithe nó timpeallachtaí nach bhfuil ann níos mó a thabhairt ar ais arís.
  • Is féidir le ceoltóirí VR a úsáid chun a n-eispéireas ceoil a fheabhsú.

Ach cén obair atá i gceist le heispéiris den sórt sin a dhearadh? Agus cad iad na teorainneacha? Chun é seo a thuiscint, léifidh tú teoiric ar na buneilimintí a bhaineann le dearadh Réaltachta Fíorúla agus fiosróidh tú trí chás praiticiúla den Réaltacht Fhíorúil.

Cliceáil an tsaighead  chun leanúint ar aghaidh ag léamh 

3 images: First, a drawing of two VR towers positioned and creating a Virtual Reality Space. Second, the drawing of the VR space is put in context of a museum hallway. Third, the VR space is shown in a congress context, behind a booth. Two women are chatting in front of it.
Fig. 1. How do we integrate VR with the real world? Images CC-BY 2.0 by D-Stanley and CC-BY-NC-SA 2.0 by World Agroforesty Centre

Fíorúil Conas? Réaltacht Conas?


Chun croí na Réaltachta Fíorúla a thuiscint i ndáiríre, ní mór dúinn é a bhriseadh síos agus a chur i gcomparáid leis an saol mar atá. Níos tábhachtaí fós, ní mór dúinn a thuiscint go mbíonn réaltacht fhíorúil de ghnáth i spás sa saol mór, mar a thaispeántar i Léaráid 1. Ciallaíonn sé sin, mar dhearthóirí Réaltachta Fíorúla, go gcaithfidh muid caitheamh leis an Réaltacht Fhíorúil mar a chaithfeadh muid le píosa troscáin - Cá háit ar cheart go mbeadh rochtain ar an socrú VR suite go fisiciúil nuair a thugann daoine cuairt ar thaispeántas? Cad iad na rudaí atá in aice leis? Ba chóir dúinn a bheith ar an eolas freisin go gcruthaíonn sé seo teorainn - féadfaidh daoine siúl timpeall agus iad i VR, ach ní féidir leo dul ach chomh fada is a cheadaíonn an VR dóibh, ó tharla é a bheith teoranta ag cáblaí agus braiteoirí. Breathnóidh muid isteach beagán níos doimhne sna ceisteanna seo trí fhéachaint ar na cásanna éagsúla VR.

Cás: Turas Smithsonian

Fiosraigh an Smithsonian National Museum of Natural History. Úsáideann Músaem Smithsonian VR, chun cabhrú le daoine dul go háiteanna nach bhféadfaidís cuairt a thabhairt orthu sa saol ceart.

🔍 Do Thasc (5 nóimead)

Agus tú ag brabhsáil Turas VR an Smithsonian, déan iarracht smaoineamh ar an uair dheireanach a chuaigh tú chuig an bpictiúrlann. Conas atá Turas VR Smithsonian difriúil ó bheith ag breathnú ar scannán?

Click this image to try the Smithsonian VR TourBain triail as an eispéireas VR trí chliceáil ar an íomhá.

Léacht Cuid 1 Déanta!

Tá an chéad léacht faoin Réaltacht Fhíorúil curtha díot agat! Tá an suaitheantas seo a leanas tuillte agat: Inniúlacht Fhíorúil.


Do Dhul Chun Cinn: