Do Lucht Féachana a Thuiscint
Site:
|
UniCampus
|
Course:
|
Lucht Féachana Digiteacha agus Anailísíocht Dhigiteach
|
Book:
|
Do Lucht Féachana a Thuiscint
|
Printed by:
|
Guest user
|
Date:
|
Saturday, 19 April 2025, 3:19 AM
|
1. Do Lucht Féachana Reatha
Tá sé ríthábhachtach tuiscint a bheith agat ar do lucht féachana digiteach agus is é seo an chéad chéim i gcruthú ábhair le roinnt ar do shuíomh gréasáin agus ar do chuntais mheáin shóisialta. Sa domhan gnóthach seo, cabhróidh sé leat aird do lucht féachana a tharraingt agus a choimeád má fhaigheann tú amach cén saghas suimeanna agus spreagthaí atá acu. Úsáidtear an téarma “lucht féachana” go fairsing anseo. Is féidir leis an téarma seo tagairt a dhéanamh ar dhaoine, rannpháirtithe, cuairteoirí, baill, urraitheoirí, gnólachtaí tráchtála s.rl., ag braith ar an gcomhthéacs. Ní féidir leat braith ar thuairimí ná ginearálaithe leathan nuair a thagann sé go dtí do lucht féachana a aithint. Is gá a bheith soiléir faoi cé hiad do lucht féachana agus céard a thug an spreagadh dóibh chun nascadh leat. Cabhróidh sé leat do láithreacht ar líne a mhionchoigeartú má tá a fhios agat cé lena bhfuil tú ag caint agus má tá aithne agat ar do lucht féachana.
Tá dhá cheist thábhachtacha le tabhairt san áireamh nuair a thagann sé go dtí lucht féachana digiteacha agus is iad:
Cé?
Cé hiad do lucht féachana reatha agus cá háit a bhfuil bearna ann d’acmhainneacht fáis?
Cén fáth?
Cén fáth a bhfuil siad ag gníomhú anois, agus céard a mheallfadh iad chun chun níos mó gníomhaíochta a dhéanamh amach anseo?
2. Cé hiad?
Tá go leor nithe gur féidir leat a thabhairt san áireamh faoi do lucht féachana chun cabhrú leat íomhá soiléir a fháil ar na daoine a bhfuil tú ag idirghníomhú leo. Seo roinnt smaointí:
Cé hiad?
- Aoisraon/Tréimhse Bheatha
- Inscne
- Ioncam
- Stádas Pósta
- Stádas Oibre/Gairm
- Cúlra eitneach
- Oideachas
- Teanga
- Suíomh
Cén fáth a n-idirghníomhaíonn siad leat?
- Luachanna
- Roghanna a bhaineann lena stíleanna beatha
- Suimeanna/Spéiseanna
- Bacainn ar idighníomhaíocht
An bhfuil cur amach acu ar an teicneolaíocht?
Céard iad na gnéithe digiteacha a úsáideann siad chun rochtain a fháil ar ábhar?
- Blag
- Suíomh gréasáin
- Na Meáin Shóisialta
- Nuachtlitreacha
Déan machnamh freisin ar na ceisteanna faoi leith a bhaineann go sonrach le d’eagraíocht chultúrtha nó ealaíona. Céard iad na rudaí tábhachtacha duit le bheith eolach orthu?
Tá sé tábhachtach le bheith ar an airdeall go bhfuil seans ann nach mbeadh do lucht féachana digiteach mar an gcéanna le do lucht féachana as líne. Chomh maith leis sin, is féidir le do lucht féachana ar Twitter a bheith difriúil ó do lucht féachana ar Facebook, mar shampla.