Céard is optamú innill cuardaigh ann?

Vietne: UniCampus
Kurss: Lucht Féachana Digiteacha agus Anailísíocht Dhigiteach
Grāmata: Céard is optamú innill cuardaigh ann?
Drukājis: Gość
Datums: piektdiena, 2025. gada 18. aprīlis, 07:38

Apraksts

SEO Search Engine Optimization.

Copyright: frankie's

1. Optamú Innill Cuardaigh (OIC)

Mar a thugann a ainm le fios is éard is optamú innill cuardaigh ann ná optamú a dhéanamh ar do shuíomh gréasáin chun cur le d’fheiceálacht i dtorthaí innill chuardaigh. Mar thoradh air seo, cabhraíonn sé leat cur leis an méid daoine a thugann cuairt ar do shuíomh gréasáin agus ar chaighdeán an tráchta go dtí do shuíomh gréasáin. 

Seo sampla de thoradh a tháinig aníos ar an leathanach torthaí don cheist “What is SEO?”:





Miondealú de leathanach:

  1. Fógraí
  2. Graf Eolais - Aibhsíonn an t-inneall cuardaigh toradh atá níos faide thíos an leathanach a cheapann sé atá ag freagairt na ceiste go maith
  3. Cuardaigh Gaolmhara
  4. Torthaí Orgánacha - 10 de ghnáth - tagann siad seo aníos toisc go bhfuil jab maith déanta acu ag rá leis an inneall cuardaigh go bhfuil gaol ag an leathanach seo leis an gceist


2. Cén fáth go bhfuil OIC tábhachtach?

Faigheann an chéad trí thoradh orgánacha ar leathanach de thorthaí innill chuardaigh os cionn 70% de na cliceanna. De réir mar a bhogann tú síos tríd na liostaí, tagann meath suntasach ar líon na ndaoine a chliceálann ar na torthaí. Téann níos lú ná 10% de na cuardaitheoirí ar aghaidh go dí an chéad leathanach eile. Athraíonn siad an critéir cuardaigh mura dtagann siad ar ar theastaigh uathu. Mar sin, ciallaíonn rangú níos airde ar leathanaigh torthaí innill chuardaigh go dtabharfaidh níos mó daoine cuairt ar do shuíomh gréasáin.


3. Conas a oibríonn innill chuardaigh?

Conas a chinneann an t-inneall cuardaigh an áit a théann do shuíomh gréasáin ar an leathanach torthaí? 

Tá an gréasán cosúil le leabharlann atá de shíor ag fás leis na billiúin leabhar agus gan aon lárchóras cómhdúcháin. Baineann innill chuardaigh leas as bogearraí cosúil le ransaitheoirí gréasáin chun suíomhanna atá ar fáil go poiblí a innéacsú. Nuair a chuardaíonn tú, déanann an t-inneall cuardach na leathanaigh gréasáin atá aige ina innéacs a chuardach. Ansin, cinneann algartam ord na dtorthaí a fheiceann tú, leis na cinn is ábharthaí ag barr an liosta. Cé nach gcuirtear amach na halgartaim seo go poiblí, tá roinnt taighdeoirí tar éis a fháil amach faoi na fachtóirí a imríonn tionchar ar ord na dtorthaí. Níl a fhios go fóill conas a chuireann na halgartaim na fachtóirí seo le chéile agus an cóimheas a bhaineann leo. Go simplí, tá na comhábhair againn ach níl an t-oideas ar eolas againn. Ina ainneoin sin, tá  dóthain ar eolas againn chun seans a thabhairt dúinn féin a bheith níos feiceálaí sna torthaí cuardaigh. Breathnóimid ar na fachtóirí rangaithe seo sa chéad chéim eile.


4. Tuilleadh eolais...

Chun míniú níos doimhne a fháil ar optamú innill cuardaigh caith súil ar an bhfíseán seo: