OIC Céim ar Chéim 1
Strona: | UniCampus |
Kurs: | Lucht Féachana Digiteacha agus Anailísíocht Dhigiteach |
Książka: | OIC Céim ar Chéim 1 |
Wydrukowane przez użytkownika: | Gość |
Data: | piątek, 18 kwietnia 2025, 07:37 |
1. Na Cineálacha OIC
Tá dhá chineál OIC: OIC ar leathanach agus OIC eas-leathanach.
Tagraíonn OIC ar leathanach ar na rudaí gur féidir linn a dhéanamh ar ár suíomh gréasáin féin chun ord níos airde a fháil agus chun níos mó trácht ábhartha a ghnóthú.
Tagraíonn OIC eas-leathanach ar na rudaí gur féidir linn agus daoine eile a dhéanamh amach ónár suíomh gréasáin chun ord níos airde a fháil ar leathanach na dtorthaí, cosúil le comharthaí sóisialta agus naisc a bhunú.
Go príomha, díríonn OIC ar leathanach ar d’eochairfhocail a aithint agus iad a ionchorprú ar do shuíomh gréasáin. Breathnóimid céim ar chéim ar an bproiséas seo anois.
2. Step 1: Keyword research
Tá taighde ar eochairfhocail mar cheann de na céimeanna tosaigh agus tú ag déanamh optamaithe ar d’inneall cuardach. Is é aidhm an taighde seo ná na frásaí agus na focail is comónta a mbaineann daoine úsáid astu a shainaithint agus tú ag cuardach ábhair ar líne.
Cad atá i gceist leis?
Déan tobsmaointeoireacht ar fhocail agus frásaí a mbaineann daoine úsáid astu nuair atá tú ag cuardach ábhair ar líne. Má chuireann tú cuid de do smaointí isteach sa bhosca cuardaigh ar Google mar shampla, feicfidh tú an “bosca de chuardaigh gaolmhara” ag bun an leathanaigh chun níos mó smaointí a thabhairt duit. Féach an sampla thíos:
Is féidir eochairfhocail earrghearr nó eochairfhocail earrfhada a bheith agat. Tugann an tábla seo a leanas miondealú ar na cineálacha eochairfhocail:
3. Céim 2: Cuir d’eochairfhocail in ord tosaíochta
Nuair atá roinnt eochairfhocail féideartha liostáilte agat, ba chóir duit uirlisí cosúil le Google Trends nó Google Keyword Planner a úsáid ar mhaithe le níos mó faisnéis a fháil faoi mhinicíocht na n-eochairfhocal i gcuardaigh ar líne. Tá físeáin curtha againn ag deireadh an leabhair seo a thaispeánann duit conas Google Trends agus Google Keyword Planner a úsáid.
Déarfaidh Google Trends leat an mbaineann daoine úsáid as focal amháin thar fhocal comhchiallach eile.
Tabharfaidh Google Keyword Planner amharc níos suntsaí duit ar threochtaí cuardaigh. Is féidir leis a rá go beacht leat faoi mhinicíocht téarma cuardaigh faoi leith, cuid de na téarmaí gaolmhara a chuardaíonn daoine, cá dtarlaíonn na cuardaigh seo agus cé mhéad fógróirí eile atá ag íoc as fógraí a thaispeáint nuair a chuardaíonn daoine na téarmaí seo.
Bíodh tábla leagtha amach agat chun an fhaisnéis seo a thaifead chun tús áite a thabhairt do na heochairfhocail.
Seo sampla ag baint úsáid as dhá chatagóir:
- Minicíocht an Eochairfhocail: Cé chomh minic a chuardaítear an focal i gcuardach ar líne
- Ábharthacht na Topaice: Cé chomh ábhartha is atá an focal don chomhthéacs
Eochairfhocal
Minicíocht an Eochairfhocail
Ábharthacht na Topaice
Tosaíocht
Eochairfhocal | Minicíocht an Eochairfhocail | Ábharthacht na Topaice | Tosaíocht |
4. Céim 3: Bain úsáid as d’eochairfhocail
Nuair atá d’eochairfhocail sainaitheanta agat agus tús áite tabhartha agat dóibh, is fiú duit iad a ionchorprú isteach sa téacs ar do shuíomh gréasáin. Bain úsáid as d’eochairfhocail ardtosaíochta den chuid is mó.
Cá háit gur chóir é seo a dhéanamh?
URL
Téacs ailtéarnach don íomhá
Téacs a thagann aníos in áit an íomhá chun cabhrú leo siúd atá lagamhairc orthu nó a thagann aníos mura dtagann an íomhá aníos ar an scáileán.
Eilimint HTML a shonraíonn teidil an leathanaigh gréasáin. Léirítear clibeanna teidil ar leathanaigh torthaí innill chuardaigh mar cheannlíne inchliceáilte do thoradh áirithe.
Naisc Inmheánacha
Naisc ó leathanach amháin ar do shuíomh gréasáin go leathanach eile ar do shuíomh gréasáin.
Clibeanna ceanntáisc
An ceannteideal nó na fo-cheannteidil ar do shuíomh gréasáin.
Scéimre
Mionsonraí gur féidir leat a chur le do shuíomh gréasáin chun cur síos níos fearr a thabhairt (blúire saibhir go comónta). Tagann na mionsonraí seo aníos i dtorthaí cuardaigh. Is iad íomhánna, praghasanna agus léirmheasanna samplaí de scéimrí.
Mapa suímh
Comhad a úsáideann tú chun faisnéis a chur ar fáil faoi na leathanaigh, físeáin agus comhaid eile ar do shuíomh chomh maith leis na gaoil atá eatarthu.
Meiteathuairisc
Tuairisc ghearr a dhéanann achoimriú ar ábhar do shuímh ghréasáin.
5. Físeán Teagaisc ar Google Trends
Míníonn an físeán teagaisc seo, a d’fhorbair Think with Google na feidhmeanna difriúla atá ag Google Trends.
6. Google Keyword Planner tutorial
The following video shows you how to use the Google Keywords Planner. It will also show you some of the differences between the free and the paid version of the tool.