OIC Céim ar Chéim 3
Ιστότοπος: | UniCampus |
Μάθημα: | Lucht Féachana Digiteacha agus Anailísíocht Dhigiteach |
Βιβλίο: | OIC Céim ar Chéim 3 |
Εκτυπώθηκε από: | Aoi Úsáideoir |
Ημερομηνία: | Παρασκευή, 18 Απριλίου 2025, 7:35 AM |
1. OIC eas-leathanach
Is éard atá i gceist le SEO eas-leathanach ná nuair a nascann leathanaigh chreidiúnacha eile ar an idirlíon nó nuair a chuireann leathanaigh chreidiúnacha eile (leathanaigh, suíomhanna, daoine, s.rl.) do shuíomh gréasáin chun cinn. Tá na naisc seo tábhachtach mar is “vóta muiníne” iad ó shuíomh amháin go suíomh eile agus cuireann siad feabhas ar an inneall cuardaigh agus ar bhraistint an úsáideora faoi rath, ábharthacht, iontaofacht agus údarás an tsuímh.
2. Na Cineálacha Éagsúla Cúlnaisc
- Faigheann tú naisc aiceanta nó naisc eagarthóireachta gan aon rud a dhéanamh. Nascann foilsitheoirí le do shuíomh mar chuaigh do shuíomh i bhfeidhm orthu. Ní bheadh a fhios agat fiú go bhfuil nasc déanta go dtí go bhfuil sé déanta i go leor cásanna.
- Faightear naisc fhor-rochtana trí ghníomhaíochtaí nasc-tógála d’aon ghnó cosúil le bheith ag cur éilimh ar chustaiméirí nascadh le do shuíomh nó ag cur ceist ar thionchairí d’ábhar a scaipeadh.
- Is naisc a chruthaíonn tú ar leathanaigh ghréasáin daoine eile iad naisc fhéin-bhunaithe. Mar shampla, ag cur chúlnaisc chuig postálacha ar fhóram. Ní maith le daoine na naisc seo mar ní naisc iontaofa iad agus is minic go gcruthaítear iad chun an dallamullóg a chur ar innill chuardaigh go bhfuil d’ábhar iontaofa trí luach OIC a dhéanamh. Tá Google tar éis pionós a ghearradh ar na naisc fhéin-bhunaithe seo sa rangú.
3. Níl gach cúlnasc mar an gcéanna
Tá cinn atá níos luachmhaire ná cinn eile.
Leag Treoirlínte Search Quality Rater de chuid Google go leor béime ar thábhacht choinceap E-A-T (acrainm Béarla do expert, authoritative agus trustworthy).
Dá thábhachtach an suíomh is mó tionchar a imríonn na naisc ón suíomh sin. Teastaíonn naisc ó shuíomhanna a léiríonn luachanna E-A-T. Is gá don suíomh lena bhfuil tú ag nascadh a bheith ábharthach le hábhar do shuímh féin.
Conas a aimsíonn tú suíomhanna údarásacha gur féidir leat gaoil a chothú agus tús a chur leis an bproiséas de bheith ag fáil naisc ábharthacha? Uirlis amháin gur féidir a úsáid ná Similar Site Search. Clóscríobh isteach URL do shuímh agus brúigh ar an gcnaipe “Search”.
4. Ag fáil rochtain ar phroifíl na nasc reatha
Céard iad na rudaí úsáideacha le bheith ar eolas agat?
- Líon iomlán na nasc. Is ionann níos mó naisc agus rangú níos airde.
- Caighdeán na nasc: níl na naisc uilig ar an gcaighdeán céanna (féach thuas)
- Éagsúlacht na nasc (i.e. an bhfuil suíomh amháin ag nascadh chugat na céadta uair nó an bhfuil na céadta suíomh ag nascadh chugat uair amháin?). Is mó suíomhanna éagsúla is fearr.
Tá roinnt uirlisí OIC gur féidir leat leas a bhaint astu chun cabhrú leat naisc a shainaithint agus a mheas:
Níl le déanamh agat ach do URL a chlóscríobh.
Nuair atá tú ag tosú amach, bíonn sé cabhrach anailís a dhéanamh ar na naisc de chuid iomaitheoir atá ag rangú go maith cheana féin. Seans go mbeifeá ábalta díriú ar chuid de na réimsí céanna i d’fheachtas féin. Níl le déanamh agat ach a URL a chuir isteach sna huirlisí thuasluaite seachas do URL féin. Is éárd is ainm de seo ná taighde ar chúlnasc iomaitheora (competitor backlink research).
5. Conas do phroifíl naisc a bhunú
Is é an rud is tábhachtaí ná ábhar ar leith ar chaighdeán maith a scríobh a mbeadh daoine sásta a roinnt ar líne.
Sa leabhar How to Rank, molann Cyrus Shepard “90% of your effort should go into creating great content, and 10% into link building.” Is é seo an riail 90/10 de bhunú naisc.

Má chruthaíonn tú ábhar cabhrach luachmhar i gcónaí, déanfaidh daoine tagairt chuig do leathanach, molfaidh siad do leathanach, roinnfidh siad é, nascfaidh siad chuige, tvuíteálfaidh siad faoi agus seolfaidh siad naisc chuige go nádúrtha. Chun níos mó eolas a fháil faoi seo, caith súil ar an mblag seo.
Nóta: is minic nach nasctar le tagairtí atá tuillte. Is minic go ndéanfaidh suíomhanna gréasáin tagairt go dtí do bhranda nó d’ábhar gan nascadh leis. Chun teacht ar na tagairtí atá tuillte agat is féidir leat úsáid a bhaint as Google Alerts. Chun foláireamh a chur ar bun, téigh chuig https://www.google.com/alerts agus cuir isteach eochairfhocail nó eochairfhrása a theastaíonn uait foláireamh a fháil fúthu (ainm do chomhlachta nó ainm do bhranda mar shampla). Nuair a thagann tú ar thagairtí déanta do do bhranda nó do chomhlacht is féidir leat dul i dteagmháil leis na foilsitheoirí agus iarraidh orthu nasc a chur leis.
Cuimhnigh nach leor bheith ag scríobh ábhair, is gá é a chur chun cinn chun naisc a thuilleamh.
6. Rudaí le seachaint
Naisc cheannaithe
Gearrfar pionóis dhiana a athróidh rangú na suíomhanna gréasáin go diúltach ar shuíomhanna gréasáin a bhíonn ag díol nasc nó ag ceannach nasc.
Malartú naisc ar scála
“you link to me and I’ll link to you”
Cé go bhfuil sé togha agus luachmhar fiú, nascadh a dhéanamh le daoine a bhfuil tú comhcheangailte leo, má dhéanann tú malartú naisc ar scála d’fhéadfaí pionóis a ghearradh ort.
7. OIC eas-leathanach nach mbaineann le nasc
Tagairtí NAP
Seasann NAP, nó pointe rochtana líonra sa Ghaeilge do Name, Address, Phone (ainm, seoladh, fón). Is éard is tagairtí NAP ann ná tagairtí ar líne de do bhranda/suíomh gréasáin in eolairí ar an idirlíon.
Google My Business
Is proifíl ghnó saor in aisce é Google My Business (GMB). Déan deimhin go liostáiltear do chomhlacht/eagraíocht ar an suíomh seo.
Léirmheasanna
Dá iontaofaí do chuid léirmheasanna ar GMB nó ar aon shuíomhanna tríú páirtí eile, is airde a rangfaidh tú in innill chuardaigh Google. Ar an mbealach céanna, is a mhalairt a tharlaíonn le léirmheasanna diúltacha.
Google My Business
Is proifíl ghnó saor in aisce é Google My Business (GMB). Déan deimhin go liostáiltear do chomhlacht/eagraíocht ar an suíomh seo.
Léirmheasanna
Dá iontaofaí do chuid léirmheasanna ar GMB nó ar aon shuíomhanna tríú páirtí eile, is airde a rangfaidh tú in innill chuardaigh Google. Ar an mbealach céanna, is a mhalairt a tharlaíonn le léirmheasanna diúltacha.