Céard is anailísíocht shonraí ann?
Site: | UniCampus |
Course: | Lucht Féachana Digiteacha agus Anailísíocht Dhigiteach |
Book: | Céard is anailísíocht shonraí ann? |
Printed by: | Guest user |
Date: | Saturday, 7 June 2025, 9:08 PM |
1. Anailísíocht shonraí agus an tábhacht a ghabhann léi
Is éard is anailísíocht ann ná an anailís agus léirmhíniú a dhéantar ar shonraí.
Is éard is sonraí ann ná aon fhaisnéis gur féidir leat a bhailiú, ó uimhreacha go focail agus tuairimí. Go ginearálta, nuair atáimid ag labhairt faoi anailísíocht shonraí táimid ag labhairt faoin anailís a dhéantar ar uimhreacha.
Tá anailísíocht shonraí le fáil i ngach aon áit. Tá tú ag baint úsáid as anailísíocht shonraí má chomhaireann tú do chuid céimeanna ar FitBit nó má bhreathnaíonn tú ar líon na ndaoine a thug “is maith liom” chuig do phostálacha ar na meáin shóisialta.
- Cabhraíonn na tuiscintí a fhaighimid ón anailísíocht shonraí linn chun:
- Cinntí níos fearr a dhéanamh
- Déileáil le mianta na gcustaiméirí agus mianta na gcustaiméirí a shásamh
- Éifeachtúlacht a fheabhsú
Léigh níos mó anseo.
2. Na Cineálacha Anailíse
Tá ceithre chineál anailíse ann go príomha agus féadfaidh leo na ceisteanna difriúla atá againn a fhreagairt:
3. Anailísíocht Shuímh Gréasáin
Tá níos mó agus níos mó daoine ag idirghníomhú le chéile ar líne gach lá. Mar sin, féadfaidh le do shuíomh gréasáin a bheith mar fhoinse thábhachtach ioncaim ach féadfaidh leis a bheith mar fhoinse thábhachtach sonraí le haghaidh do ghnólachta. Féadfaidh leis na sonraí atá i gceist a bheith aon rud ó na suíomhanna a nascaigh le do shuíomh féin, na leathanaigh is mó ar do shuíomh a bhaineann úsáideoirí úsáid astu, líon iomlán na gcuairteanna a thug siad ar do shuíomh, aois na n-úsáideoirí, inscne na n-úsáideoirí agus suíomh na n-úsáideoirí.
Is anailísíocht shuímh gréasáin ann ná an anailís, bailiú agus tuairisciú a dhéantar ar na sonraí seo.
- I measc rudaí eile, cabhróidh anailísíocht shuímh gréasáin leat:
- Aithne a chur ar na daoine atá ag tabhairt cuairt ar do shuíomh gréasáin.
- Do straitéis OIC a fheabhsú.
- An t-ábhar is mó a oireann do do lucht féachana chomh maith leis an t-ábhar nach n-oireann dóibh a shainaithint.
- Do dhíolacháin a rianú.
Cabhróidh an anailís seo leat straitéisí a bhunú chun d’fheidhmíocht a fheabhsú.
Féadfaidh leis an oiread sonraí atá amuigh ansin a bheith thar na bearta agus tá sé éasca am a chur amú ag déanamh tomhais ar shonraí nach gá a bheith ar eolas agat. Mar sin, sula dtosaíonn tú, is í an chéad chéim an chéim is tábhachtaí agus mar chuid den chéim sin ba chóir duit plean tomhais a bhunú a aistríonn d’aidhmeanna gnó go méadracha ar féidir leat a thomhas ar do shuíomh gréasáin.
Is í an cheist thábhachtach le cur ná: “Céard is gá do mo shuíomh gréasáin a dhéanamh le haghaidh mo ghnólachta?”
4. Plean tomhais
Seo na cúig chéim a bhaineann le plean tomhais a chur le chéile:
1. Aithin d’Aidhmeanna
Smaoinigh faoi phríomhaidhm do shuímh ghréasáin. Seo samplaí d’aidhhmeanna le smaoineamh orthu:
- Ioncaim a ardú
- Dílseacht na gcustaiméirí a fheabhsú
- Branda a thógáil
2. Aithin na PTF gaolmhara
Do gach aidhm is gá duit na straitéisí a úsáidfidh tú chun an aidhm a bhaint amach a shonrú.- Ioncaim a ardú
- Dílseacht na gcustaiméirí a fheabhsú
- Branda a thógáil
Mar shampla:
Aidhm | Ioncaim | Dílseacht na gcustaiméirí | Branda a thógáil | ||
PTF | Díolacháin a ardú | Cur le luach an mheán-ordaithe | Tuairisceáin a laghdú |
Do gach PTF is gá duit na méadraigh a leagadh amach, nó i bhfocal eile, céard iad na rudaí gur féidir leat tomhas a dhéanamh orthu a bhaineann leis an PTF sin?
Ag leanúint ar aghaidh ónár sampla thuas, don PTF “Cur le luach an mheán-ordaithe”, féadfaidh leis na rudaí seo a bheith mar chuid den mhéadrach:
Aidhm
Ioncaim
Dílseacht na gcustaiméirí
Branda a thógáil
PTF
Díolacháin a ardú
Cur le luach an mheán-ordaithe
Tuairisceáin a laghdú
Méadraigh
Luach airgeadaíochta an mheán-ordaithe
Líon earraí in aghaidh gach idirbhirt
4. Deighilt agus Aidhmeanna
Aidhm | Ioncaim | Dílseacht na gcustaiméirí | Branda a thógáil | ||
PTF | Díolacháin a ardú | Cur le luach an mheán-ordaithe | Tuairisceáin a laghdú | ||
Méadraigh | Luach airgeadaíochta an mheán-ordaithe | ||||
Líon earraí in aghaidh gach idirbhirt |