Réamhrá ar Google Analytics
Strona: | UniCampus |
Kurs: | Lucht Féachana Digiteacha agus Anailísíocht Dhigiteach |
Książka: | Réamhrá ar Google Analytics |
Wydrukowane przez użytkownika: | Svečio paskyra |
Data: | piątek, 18 kwietnia 2025, 07:42 |
1. Céard is Google Analytics ann?
Is bogearra saor in aisce é Google Analytics a ligeann duit súil a choinneáil ar na rudaí atá ag tarlú ar do shuíomh gréasáin. Tá bogearraí d’anailísíocht suímh gréasáin ar fáil ach is é Google Analytics an ceann is mó a úsáidtear.
Coimeádann Google Analytics súil ar roinnt méadraigh cosúil le:
- Líon na gcuairteoirí ar do shuíomh gréasáin
- Cá as a dtagann do chuairteoirí
- Cad a dhéanann do chuairteoirí ar do shuíomh gréasáin
- Na leathanaigh is coitianta
- Líon na gcuairteoirí ar do shuíomh gréasáin
- Cá as a dtagann do chuairteoirí
- Cad a dhéanann do chuairteoirí ar do shuíomh gréasáin
- Na leathanaigh is coitianta
Is féidir leat an fhaisnéis seo a úsáid le monatóireacht agus tomhas a dhéanamh ar éifeachtúlacht na ngníomhaíochtaí margaíochta.
Céard a dhéanann sé?
Oibríonn Google Analytics trí fhianán a chur ar bhrabhsálaí do chuairteora. Baineann sé úsáid as an bhfianán seo chun súil a choimeád ar iompar na n-úsáideoirí ar do shuíomh gréasáin agus chun fáil amach conas a tháinig siad ar do shuíomh. Is dócha go bhfaca tú na fógraí fianáin ar na suíomhanna gréasáin a thug tú cuairt orthu cosúil le suíomhanna Ard-Mhúsaem na hÉireann agus The Irish Times.
Baineann Google Analytics úsáid as JavaScript chun fianáin a rianú. Má tá duine tar éis fianáin a dhíchumasú, ní rianófar iad. Is fiú cuimhneamh nach rianófar gach cuairt ar do shuíomh gréasáin agus tú ag déanamh anailís ar do chuid sonraí.
Cé atá in ann é a úsáid?
Is féidir le haon duine le blag nó suíomh gréasáin statach Google Analytics a úsáid, is cuma má úsáidtear na suíomhanna gréasáin nó na blaganna ar bhonn proifisiúnta nó ar bhonn pearsanta.
Gluais
Seans go dtiocfaidh tú trasna ar théarmaí éagsúla nach dtuigeann tú agus tú ag baint úsáid as Google Analytics. Cliceáil anseo le rochtain a fháil ar ghluais Google Analytics chun cabhrú leat.
2. Ag oscailt cuntais
Tá cuntas Google ag teastáil chun cuntas Google Analytics a oscailt.
Seans go bhfuil cuntas Google agat a úsáideann tú do sheirbhísí eile cosúil le Gmail, Google Drive, Google Calendar, Google+, nó YouTube, gur féidir leat a úsáid, nó is féidir leat cuntas nua a oscailt. Déan cinnte go n-úsáideann tú cuntas a choimeádfaidh tú agus nach bhfuil rochtain ag aon duine eile air. Mar shampla, déan cinnte nach ligeann tú do d’fhorbróir gréasáin cuntas Google a oscailt ar do shon mar dá scarfá uathu amach anseo bheadh do shonraí acu agus bheadh ort tosú arís agus cuntas eile a oscailt.
Lean na céimeanna seo le tús a chur leis an bproiséas:
Céim 1: Logáil isteach ar do chuntas Google
Céim 2: Tabhair cuairt ar shuíomh Google Analytics
Céim 3: Cliceáil ar ‘sign in’ chun cuntas a oscailt
Céim 4: Lean na treoracha ar an scáileán chun do chuntas a oscailt agus chun do chód rianaithe a fháil
Céim 5: Cuir an cód rianaithe le gach leathanach ar do shuíomh gréasáin. Is féidir le d’fhorbróir gréasáin é seo a dhéanamh. Nuair atá an cód curtha agat le do shuíomh ba chóir go bhfeicfidh tú na sonraí ar an bpointe ansin sna tuairiscí fíor-ama de chuid Google Analytics.
3. Aidhmeanna
Is í an chéad chéim eile anois ná do chuid aidhmeanna a leagadh amach.
Úsáidtear aidhmeanna chun tomhas a fháil ar cé chomh minic a chríochnaíonn úsáideoirí gníomhaíochtaí tábhachtacha faoi leith ar do shuíomh gréasáin. Féadfaidh le haidhm ar do shuíomh bheith simplí cosúil le ticéad a cheannach, síniú suas do nuachtlitir nó breathnú ar fhíseán. Tá sé ríthábhachtach tuiscint a fháil ar líon na ndaoine a chuireann na gníomhaíochtaí seo i gcrích chun tomhas a dhéanamh ar rathúlacht do shuímh ghréasáin agus do ghnólachta.
Conas aidhm a leagadh amach ar Google Analytics:
- Oscail an Leathanach Riaracháin in Google Analytics.
- Sa cholún 'View', cliceáil ar an gcnaipe 'Goals'
- Cliceáil ar 'New Goal' ansin
Is féidir leat ceann de na teimpléid a bhfuil ar fáil a úsáid nó is féidir leat do shainaidhm féin a chruthú.
Chun níos mó a fhoghlaim faoi aidhm a leagadh amach, breathnaigh ar an bhfíseán seo de chuid Google Analytics Academy:
4. Tuairiscí
Seo a leanas na tuairiscí caighdeánacha atá ar fáil in Google Analytics:
Tuairiscí de Lucht Féachana
Nuair a logálann tú isteach ar Google Analytics, tabharfar chuig an Audience Overview Report. Tugann na tuairiscí seo eolas duit ar na cuairteoirí chuig do shuíomh gréasáin (m.sh deimeagrafaicí, suíomh geografacha s.rl.).
Tuairiscí Fíor-ama
Tugann na tuairiscí seo an deis duit an ghníomhaíocht ar do shuíomh idirlín a thomhas de réir mar a tharlaíonn sé.
Tuairiscí Fála
Tugann na tuairiscí seo eolas duit ar cá as ar tháinig do chuairteoirí (m.sh na meáin shóisialta, go díreach, trí ríomhphost s.rl.).
Tuairiscí Iompraíochta
Tugann na tuairiscí seo eolas duit ar an mbealach atá na húsáideoirí ag bogadh tríd do shuíomh. Is féidir iad seo a úsáid chun tuiscint níos fearr a fháil ar na leathanaigh atá ag feidhmiú go maith agus ar na leathanaigh gur gá a fheabhsú.
Tuairiscí Tiontúcháin
Má leagann tú amach aidhmeanna laistigh de Google Analytics, déarfaidh na tuairiscí seo leat líon na ndaoine atá ag cur na ngníomhaíochtaí seo i gcrích, nó i bhfocal eile, cé chomh maith is atá do shuíomh ag feidhmiú chun úsáideoirí a mhealladh tabhairt faoi na gníomhaíochtaí seo chun do chuid aidhmeanna a shásamh.
Níl anseo ach samplaí. Tá os cionn 50 cineál tuairisce in Google Analytics. Is féidir leat do shaintuairiscí féin a chruthú chomh maith.
Tá na tuairiscí seo ar fáil sa taobh-bharra ar thaobh na láimhe clé.
Is féidir leat cliceáil ar na dátaí ar an taobh deas den tuairisc chun an dátaraon do na sonraí ar a bhfuil tú ag breathnú a athrú. Freisin, is féidir leat an bosca Compare a thiceáil chun do shonraí ó dhátaraon amháin (m.sh an mhí seo) a chur i gcomparáid le sonraí ó dhátaraon eile (m.sh an mhí seo caite).
5. Deaiseanna
Tabharfaidh deaiseanna an t-eolas is tábhachtaí ó do thuairiscí duit. Tiocfaidh tú orthu seo ag barr an scáileáin ar thaobh na láimhe clé nuair a logálann tú isteach ar Analytics.
Seo sampla de dheais bhunúsach ó Databox.com:
Is féidir deaiseanna a dhéanamh inoiriúnaithe agus nuair atá taithí agat ar do thuairiscí a léamh is féidir leat an fhaisnéis a theastaíonn uait a fheiceáil láithreach ar an deais. Tá go leor físeáin ar YouTube chun cabhrú leat do dheaiseanna a dhéanamh inoiriúnaithe.
6. Deighleoga
Beidh go leor cineálacha cuairteoirí éagsúla agat ar do shuíomh gréasáin. Is féidir leat deighleoga a úsáid má theastaíonn uait grúpa daoine faoi leith a aonrú chun anailís a dhéanamh orthu. Seo roinnt samplaí de dheighleoga difriúla:
- Cuairteoirí Nua
- Cuairteoirí atá ag filleadh ar an suíomh
- Cuairteoirí ó réigiún geografach faoi leith
- Úsáideoirí a cheannaíonn ticéid do sheó a bhaineann le seánra faoi leith
Tá deighleoga réamhshocraithe ag Google Analytics gur féidir leat a úsáid nó is féidir leat do chinn féin a chruthú don anailís. Is féidir le deighleoga sainoiriúnaithe a bheith úsáideach má theastaíonn uait tuairisciú a dhéanamh ar sheó, ócáid tiomsaithe airgid nó eachtra faoi leith.
- Cuairteoirí Nua
- Cuairteoirí atá ag filleadh ar an suíomh
- Cuairteoirí ó réigiún geografach faoi leith
- Úsáideoirí a cheannaíonn ticéid do sheó a bhaineann le seánra faoi leith