Rath a thomhas ar na Meáin Shóisialta
Suíomh: | UniCampus |
Cúrsa: | Lucht Féachana Digiteacha agus Anailísíocht Dhigiteach |
Book: | Rath a thomhas ar na Meáin Shóisialta |
Printed by: | Επισκέπτης (Guest user) |
Date: | Friday, 18 April 2025, 7:25 AM |
1. Céard gur gá a bheith ar eolas agat?
Baineann go leor comhlachtaí agus eagraíochtaí sna hearnálacha cultúir agus cruthaitheacha úsáid as na meáin shóisialta chun idirghníomhú lena bpobal. Chun níos mó a fhoghlaim faoi conas na meáin shóisialta a úsáid go héifeachtach, is féidir leat dul chuig ár gcúrsa, Social Media for Culture.
Is feidir le líon na leantóirí atá agat ar na meáin shóisialta a léiriú cé chomh údarásach atá do chuntais agus an tionchar atá acu. É sin ráite, tá sé tábhachtach na ceisteanna seo a chur:
- Céard atá daoine ag rá fút?
- An bhfuil daoine ag roinnt agus ag déanamh athtvuíteáil ar d’ábhar?
- An aontaíonn daoine leis an méid atá á rá agat?
Is féidir le go leor de na hardáin mheán sóisialta na sonraí a thabhairt duit chun na ceisteanna seo a fhreagairt.
- Céard atá daoine ag rá fút?
- An bhfuil daoine ag roinnt agus ag déanamh athtvuíteáil ar d’ábhar?
- An aontaíonn daoine leis an méid atá á rá agat?
2. YouTube
Má chliceálann tú ar an gcnaipe “analytics” (sa chúinne ag bun an scáileáin ar thaobh na láimhe deise) agus tú ag breathnú ar cheann de d’fhíseáin féin, tabharfar chuig deais a thaispeánfaidh na rudaí seo a leanas duit:
- Meán-fhad amhairc
- Amhairc le himeacht ama
- Líon na “is maith liom”, “ní maith liom” agus tráchtanna
- Líon na gcomhroinntí
- Físeáin i seinnliostaí
- Rannpháirtithe
- Na suíomhanna geografacha inár mbreathnaíodh ar na físeáin
- Inscne na rannpháirtithe
- Foinsí tráchta- conas a tháinig na hamharcóirí ar d’fhíseán
- Suíomh athsheanmna - laistigh de YouTube nó ó amharcóir leabaithe ar shuíomh seachtrach
3. Twitter
Is féidir le Twitter léargas ginearálta a thabhairt duit ar na príomhstaitisticí ar feadh tréimhse 28 lá nó do tvuít amháin. Is féidir leat an léargas ginearálta a fheiceáil sa roghchlár ag barr an scáileáin sa chúinne ar thaobh na láimhe clé (féach thíos). Is féidir leat na hanailísíochtaí do tvuít amháin a fheiceáil trí chliceáil ar na poncanna sa chúinne ar thaobh na láimhe deise den tvuít féin.
4. Facebook
Tá anailísíochtaí ar fáil do leathanaigh ghnó ar Facebook. Chun rochtain a fháil ar Facebook Page Insights, téigh chuig do leathanach Facebook agus cliceáil ar Insights sa roghchlár ar thaobh na láimhe clé den scáileán. Mura bhfeiceann tú an cnaipe Insights sa roghchlár, cliceáil ar More chun é a fháil. Tabharfar chuig deais tú le réimse leathan anailísíochtaí agus tá sé seo briste ina thrí chuid:
1. Leathanach achoimre leis na rudaí seo san áireamh:
- Gníomhaíochtaí ar an leathanach
- Amhairc ar an leathanach
- Réamhamharcanna den leathanach
- Líon na “Is maith liom” ar leathanach
- Aimsiú na bpostálacha
- Aimsiú na scéalta
- Moltaí
- Gníomhaíocht leis na postálacha
- Líon na n-amharc 3 soicind ar fhíseáin
- Leantóirí leathanaigh
- Gníomhaíochtaí ar an leathanach
- Amhairc ar an leathanach
- Réamhamharcanna den leathanach
- Líon na “Is maith liom” ar leathanach
- Aimsiú na bpostálacha
- Aimsiú na scéalta
- Moltaí
- Gníomhaíocht leis na postálacha
- Líon na n-amharc 3 soicind ar fhíseáin
- Leantóirí leathanaigh
2. Do Chúig Phostáil is Déanaí
Tugann sé seo an aimsiú agus na huimhreacha rannpháirtíochta le haghaidh do phostálacha is déanaí.
3. Leathanaigh le faire orthu
Is féidir leathanaigh a chur isteach de láimh anseo chun iad a chur i gcomparáid le do chinn féin.
Is féidir breathnú ar shonraí le 7 nó 28 lá anuas, don lá inniu nó d’inné ar an leathanach achoimre.
Taobh thiar den leathanach achoimre is féidir leat breathnú ar na ranna éagsúla níos doimhne trí úsáid a bhaint as an roghchlár ar thaobh na láimhe clé den leathanach (féach thíos):
5. Uirlisí Úsáideacha
Tá go leor uirlisí ar fáil chun cabhrú leat monatóireacht a dhéanamh ar an anailísíocht a dhéanann tú ar na meáin shóisialta. Is féidir samplaí a fheiceáil anseo:
HubSpot
Sprout Social
Falcon.io
Mailchimp