Ag Cosaint Tú Féin

Suíomh: UniCampus
Cúrsa: Sábháilteacht, Slándáil agus Eitic Dhigiteach
Book: Ag Cosaint Tú Féin
Printed by: Invitado
Date: Friday, 18 April 2025, 7:27 AM

Cur síos

Shield against background of lines and nodes

Cóipcheart:  Carlos Amarillo

1. Bogearra Frithvíreas

Is bogearra frithvíreas ann ná clár nó sraith chláir a cruthaíodh chun cosaint a dhéanamh in aghaidh víris, dul sa tóir ar víris agus chun fáil réidh le víris agus bogearraí mailíseacha eile cosúil le péisteanna, traígh, bogearraí fógraíochta agus eile. 
Tá sé tábhachtach le nótáil nach bhfuil na bogearraí frithvíreas go léir mar an gcéanna agus nach bhfuil an éifeacht chéanna acu. Agus tú ag roghnú do bhogearra frithvíreas is gá na ceisteanna seo a leanas a chur ort féin:

  1. An bhfuil sé comhoiriúnach le do ríomhaire?
  2. An dtagann sé ó fhoinse chreidiúnach? 
  3. An gcuireann sé uasdátaithe ar fáil a ligeann dó do ríomhaire a chosaint ó na bogearraí mailíseacha is déanaí? 
Ba chóir duit breathnú ar léirmheasanna ó chomhlachtaí creidiúnacha neamhspleácha a dhéanann léirmheastóireacht ar phacáistí saor in aisce agus ar phacáistí gur gá íoc astu. 

https://www.av-test.org/en/
https://selabs.uk/
https://www.av-comparatives.org/

2. Uasdátaithe

Software update pop-up message

Cóipcheart: Rawpixel.com

Ní thógann uasdátaithe bogearraí ach cúpla nóiméad go hiondúil ach is minic a thugtar neamhaird orthu. Cé chomh minic a bhrúigh tú ar “cancel” nó “remind me later” nuair a tháinig teachtaireacht faoin uasdátú thuas ar do scáileán? Go hiondúil, bíonn sé i gceist againn filleadh air ach is annamh a tharlaíonn sé sin. 

Tá uasdátaithe bogearraí tábhachtach mar is minic go mbíonn réitigh acu ar fhadhbanna agus ar bhearnaí slándála.Glaoitear “paisteáil” air seo. Baineann go leor ionsaithe le bogearraí mailíseacha leas as laigí bogearraí laistigh d’fheidhmchláir choitianta cosúil le córais oibriúcháin agus brabhsálaithe. Mar sin, tá sé an-tábhachtach do chuid bogearraí a choimeád suas chun dáta chun do shonraí a chosaint. Seachas na huasdátaithe seo a chur ar an méar fhada, ba chóir duit breathnú orthu mar cheann de na céimeanna is tábhachtaí gur féidir leat a ghlacadh chun do shonraí a chosaint.

Chomh maith le do bhogearraí a choinneáil suas chun dáta agus ag baint úsáid as táirgí frithvíris, tá táirgí eile gur féidir leat a úsáid chun bagairt na mbogearraí mailíseacha a mhaolú. Breathnóimid orthu seo anois.



3. Boscaí Gainimh

Children's sandbox with buckets and spades littered inside

Cóipcheart: DreamBig


Is é an bosca gainimh ceann de na teicneolaíochtaí atá forbróirí ag ceangail isteach sna bogearraí a bhainimid úsáid astu chun ár ríomhairí a chosaint. Is timpeallacht shábháilte, aonraithe é an bosca gainimh a féidir leis an ríomhaire ríomhchlár a rith. Tugann sé rochtain theoranta ar acmhainní cosúil le comhaid chórais oibriúcháin, dioscaí agus an gréasán don ríomhchlár. Ní féidir leis an mbogearra briseadh amach ón mbosca gainimh agus ciallaíonn sé sin fiú más rud é go bhfuil an bogearra ionfhabhtaithe ní ionfhabhtófar codanna eile den ríomhaire.  

Baintear úsáid as boscaí gainimh go forleathan i mbrabhsálaithe gréasáin chun cosc a chur ar ábhar idirlín a dhéanann damáiste do chomhaid ar an ríomhaire.  

4. Códsíniú

Is códsíniú ann ná nuair a eisíonn comhlacht cóipeanna códsínithe dá ríomhchláir chun údar an bhogearra a dheimhniú agus chun dearbhú nach athraíodh an cód nó nach truaillíodh an cód ó síníodh é. Cabhraíonn códsíniú le húsáideoirí agus bogearraí eile an cinneadh a dhéanamh an féidir leis an mbogearra a bheith iontaofa.

Nuair a osclaíonn tú feidhmchlár códsínithe ar Windows, tiocfaidh an dialóg seo a leanas aníos:

Signed Software Dialogue

Leireodh feidhmchlár neamhshínithe an dialóg seo a leanas:

Unsigned Software Dialogue