Bagairt ar Phasfhocail
Ιστότοπος: | UniCampus |
Μάθημα: | Sábháilteacht, Slándáil agus Eitic Dhigiteach |
Βιβλίο: | Bagairt ar Phasfhocail |
Εκτυπώθηκε από: | Επισκέπτης (Guest user) |
Ημερομηνία: | Παρασκευή, 18 Απριλίου 2025, 7:25 AM |
1. Céard iad na bagairtí?
Braitheann go leor bagairtí slándála ar na hionsaitheoirí bheith ábalta muidne a phearsanú ar líne. Is iad pasfhocail an príomhbhealach atá againn chun muid féin a fhíordheimhniú chuig na seirbhísí a bhainimid úsáid astu.
Is féidir le hionsaitheoir do phasfhocal a ghoid trí bhreathnú thar do ghualainn ag ATM nó ag baint úsáid as pasfhocail shimplí soiléir cosúil le “abc123” nó “password”. Is iad seo na bealaí atá aithne againn orthu.
Tá bealaí eile ann cosúil le h-ionsaí lántrialach agus ionsaí foclóra.
2. Ionsaí Lántrialach
Cóipcheart: Lightspring
Tá an t-ionsaí lántrialach ar cheann de na bealaí heaiceála is simplí atá ann. Baineann an t-ionsaitheoir úsáid as ríomhchlár atá socraithe chun na teaglamaí litreacha a d’fhéadfadh a bheith ann a thriail (ag tosú le A, AA, AB, agus mar sin de) go dtí go n-oibríonn sé amach an pasfhocal ceart.
Is é bunús an ionsaithe seo ná má go bhfuil líon tomhaiseanna as cuimse agat chun pasfhocal a oibriú amach agus go n-éireoidh leat an pasfhocal a oibriú amach faoi dheireadhmar gheall air seo. Mar sin, dá fhada an pasfhocal is deacair atá sé an pasfhocal a oibriú amach ag baint úsáid as an modh seo.
3. Ionsaí Foclóra
Cóipcheart: Peter Clark