Fíordheimhniú Déshraithe

Site: UniCampus
Course: Sábháilteacht, Slándáil agus Eitic Dhigiteach
Book: Fíordheimhniú Déshraithe
Printed by: Guest user
Date: Thursday, 10 April 2025, 7:40 AM

Description

Image by Art Alex from Shutterstock

1. Cad é?

Tugann fíordheimhniú déshraithe céim sa bhreis chuig do bhunghnás logála isteach chun cuir leis an leibhéal slándála ar do chuntas. Agus tú ag logáil isteach gan an fíordheimhniú déshraithe ní dhéanann tú ach d’ainm úsáideora agus do phasfhocal a iontráil isteach.

Nuair a thacaíonn suíomh gréasáin le fíordheimhniú déshraithe beidh ort d’ainm úsáideora, pasfhocal agus luach athraithe a bheith agat chun rochtain a fháil ar do chuntas. Go minic, seoltar an luach athraithe chugat tríd ríomhphost nó trí théacsteachtaireacht nó uaireanta baintear úsáid as feidhmchlár compánaigh chun an luach a ghiniúint , m.sh léitheoir cártaí bainc.

Oibríonn fíordheimhniú déshraithe go maith i gcoinne ionsaithe randamacha ach glacann haiceálaithe seilbh ar fhón agus déanann siad idircheapadh ar na teachtaireachtaí fíordheimhnithe más rud é go bhfuil siad ag díriú go sonrach ortsa.

2. Foghlaim níos mó

Foghlaim níos mó faoi fhíordheimhniú déshraithe ó Duo Security:

Fís le Duo Security

 



3. Fíordheimhniú Déshraithe a Bhunú

Tá fíordheimhniú déshraithe ar fáil ar go leor suíomhanna gréasáin agus tá sé an-éasca é a bhunú.

Cliceáil ar na naisc thíos agus lean na treoracha thíos do gach suíomh chun fíordheimhniú déshraithe a chur le do chuntas. Déan cinnte go seiceálann tú conas a logálfaidh tú isteach más rud é nach raibh rochtain agat ar d’fhón. 

Apple

Google

Dropbox

Twitter

Microsoft Accounts

LinkedIn 

Facebook