Ag Cur “digiteach” san Áireamh
Sito:
|
UniCampus
|
Corso:
|
Sábháilteacht, Slándáil agus Eitic Dhigiteach
|
Libro:
|
Ag Cur “digiteach” san Áireamh
|
Stampato da:
|
Επισκέπτης (Guest user)
|
Data:
|
venerdì, 18 aprile 2025, 07:25
|
1. Labhróimis faoi chúrsaí digiteacha
Is iad eitic dhigiteacha na treoirlínte moráltachta a rialaíonn conas a dhéanaimid cumarsáid agus idirghníomhaíocht ar líne agus ar mheáin dhigiteacha, chomh maith leis an gcaoi a mbainimid úsáid as an teicneolaíocht. De réir mar a fhorbraíonn níos mó eagraíochtaí láithreacht ar líne, tá sé tábhachtach go ndéantar machnamh ar na prionsabail eiticiúla a threoraíonn na cinntí a ghlactar sa chomhthéacs seo.
Tarlaíonn cumarsáid ar an toirt sa réimse ar líne agus tá níos mó rochtana ag daoine ar fhaisnéis agus tá níos mó anaithnideachta acu chomh maith. Uaireanta, bíonn sé deacair uaireanta na hardchaighdeáin eitice seo a choimeád mar gheall air seo.
Is iad na fadhbanna a mbaineann le heitic dhigiteacha atá ábhartha d’eagraíochtaí le láithreacht ar líne ná:
- Príobháideachas
- Bradaíl
- Bulaíocht
2. Príobháideachas
Tá tuiscintí éagsúla ag daoine éagsúla ar phríobháideachas. I dtimpeallacht ar líne go hiondúil, baineann sé le bailiú agus úsáid shonraí daoine. Tá rialacháin agus dlíthe ann chun príobháideacht daoine a chosaint ach éiríonn siad seo doiléir ar shuíomhanna meán sóisialta toisc go roinntear faisnéis go saorga orthu. D’fhéadfadh na rialacháin imeacht as dáta de réir mar a fhásann réimse na teicneolaíochta.
Mar a scríobh Moor (2005, p.117):
“As technological revolutions increase their social impact, ethical problems increase. This phenomenon happens … because inevitably revolutionary technology will provide numerous novel opportunities for action for which well thought out ethical policies will not have been developed.”
Ach ná déan dearmad go leanann eitic ar aghaidh san áit a chríochnaíonn an dlí.
Má theastaíonn uait níos mó a fhoghlaim faoi na riachtanais a bhaineann le príobháideachas tá cúrsa eile sa tsraith DigiCulture darb ainm Data Protection and (Open) Licenses, a bhreathnaíonn níos mine orthu seo.
Tagairt:
Moor, J.H. (2005) Why we need better ethics for emerging technologies. Ethics and Information Technology, 7(3), PP. 111–119. Ar fáil anseo.
3. Cibearbhulaíocht
Ní fadhb í an chibearbhulaíocht do pháistí agus déagóirí amháin. Is cibearbhulaíocht ann ná postáil teachtaireachtaí, íomhánna agus físeáin mhaslacha beag beann ar aois an duine.
Go heiticiúil, is gá dúinn cinneadh a dhéanamh faoi céard iad na rudaí inghlactha gur féidir linn a phostáil ar líne mar dhaoine agus mar eagraíochtaí. Is gá dúinn cinneadh a dhéanamh faoin mbealach a dhéanfaimid idirghníomhaíocht le daoine ar líne chomh maith leis an mbealach a dhéileáilfimid leo siúd atá ag mí-iompar.
An dtugann tú neamhaird ar thrácht maslach a phostáil duine ar do shuíomh gréasáin nó ar do mheáin shóisialta? An ndéanann tú blocáil orthu? An ndéanan tú é a thuairisciú? Is iad seo roinnt ceisteanna gur gá duit agus d’eagraíocht machnamh a dhéanamh orthu.
4. Bradaíl
Is ionann bradaíl agus focail, smaointe, argóintí, coincheapa, ealaín, grianghraif, ceol, nó dearaí dhuine eile a chur i láthair i d'ainm féin. Is cineál bradaíola é íomhá a chóipeáil agus a úsáid ó Google gan aitheantas a thabhairt d’úinéir an phictiúir. Cé go bhfuil íomhánna cóipcheart ann chun maoin intleachtúil daoine eile a chosaint, tá sé deacair iad a chuir i bhfeidhm sa chultúr “copy and paste” atá againn sa lá atá inniu ann. Is gá do dhaoine agus eagraíochtaí a bheith airdeallach faoin mbradaíl agus aitheantas a thabhairt d’fhoinse aon shaothar a úsáideann siad - is cuma más ealaíontóir cáiliúil, cara leat, nó strainséir atá iontu.
Arís eile, má theastaíonn uait níos mó a fhoghlaim faoi chúrsaí cóipchirt agus faoi mhaoin intleachtúil is féidir leat an modúl Data Protection and Open Licences a dhéanamh.