AR? VR? Cad é an difríocht?
Cé go n-úsáidtear Réaltacht Fhíorúil chun réaltacht nua a chruthú, úsáidtear Réaltacht Bhreisithe ina ionad sin chun níos mó a chur leis an réaltacht mar atá sí. Tá trasnaíl idir an dá mheán i gcásanna áirithe maidir leis an úsáid is féidir a bhaint astu ach de ghnáth éilíonn siad teicnící agus comhthéacsanna úsáide éagsúla.

Mar shampla samhlaigh gur mhaith linn bealach a chruthú do dhaoine chun cruinnithe a thionól thar achar fada ach go n-airíonn sé go bhfuil gach duine sa seomra céanna. Le húsáid in VR chruthófaí seomra fíorúil ina n-aistreofaí gach duine isteach ann. Ansin d’fhéadfadh cuma ar bith a bheith ar an seomra seo nó d'fhéadfaí é a chur in áit ar bith. Ina ionad sin chuirfeadh AR cuma air go raibh na daoine go léir sa chruinniú san aon seomra ceart amháin leis an duine atá ag úsáid na teicneolaíochta. Is féidir an dá theicneolaíocht a úsáid ar ríomhairí agus ar fhóin chliste araon, cé go nglactar níos mó le AR go ginearálta le húsáid le feisteas iniompartha agus is fearr a oibríonn VR le feiste cumhachtach, amhail ríomhaire deisce.
Teagmhálach le AR
Is deacair AR agus VR a scaoileadh óna chéile. Sa chéad mhír eile feicfidh tú roinnt eispéireas praiticiúla AR. 📽