Cóipcheart: II.studio

Cé go bhfuil sé tábhachtach go mbainimid úsáid as pasfhocail ar leith atá fada agus  coimpléascach, bíonn sé deacair cuimhneamh orthu uilig. Is feidhmchlár ríomhaireachta é bainisteoir pasfhocail a stórálann pasfhocail duit.   
Seo roinnt samplaí: 
Cuimhníonn bainisteoirí pasfhocail cén phasfhocal a théann le gach cuntas nó suíomh gréasáin ar do ríomhaire. Nuair a bhaineann tú úsáid as bainisteoir pasfhocail logálann tú isteach ar shuíomh gréasáin mar is gnáth. Ach, seachas do phasfhocal a chlóscríobh chun logáil isteach, osclóidh tú an bainisteoir pasfhocail (ag baint úsáid as máistir pasfhocail) agus líonfaidh sé isteach na sonraí logála isteach go huathoibríoch don suíomh gréasáin sin duit.  

Nuair atá cuntais nua á gcruthú agat, is féidir leis an mbainisteoir pasfhocail pasfhocal coimpléascach randamach a chruthú don chuntas sin ionas nach bhfuil ort smaoineamh faoi agus tú ag logáil isteach.  
É sin ráite, beidh pasfhocal fíorláidir ag teastáil chun rochtain a fháil ar an mbainisteoir pasfhocail féin. Díríonn haiceálaithe go mór ar bhainisteoirí pasfhocail agus uaireanta éiríonn leo ionsaí a dhéanamh orthu. Tá sé tábhachtach a dheimhniú go bhfuil cáil ar an mbogearra a dhéanann do phasfhocail uilig a bhainistiú. Ba chóir duit na hathbhreithnithe a dhéanamh ar na measúnachtaí a rinne eagraíochtaí creidiúnacha, cosúil le  av-test.org nuair atá bogearra á roghnú agat chun do phasfhocail a bhainistiú. 

Roghanna eile...
Tá bainisteoir pasfhocail chomhtháite ag formhór na mbrabhsálaithe gréasáin (Chrome, Firefox, Internet Explorer) a chuimhníonn ar phasfhocail nuair a chuireann tú isteach ar líne iad. Tá sé seo an-áisiúil do shuíomhanna gréasáin a thugann tú cuairt orthu go coitianta. Ach is gá cuimhneamh gan an bainisteoir pasfhocail a úsáid ar ríomhaire nach bhfuil tusa i gceannas air. Bain úsáid as ar ríomhaire ar a bhfuil tusa an t-aon duine le rochtain air. 




Last modified: Tuesday, 16 November 2021, 8:07 PM