3. Conas a oibríonn innill chuardaigh?

Conas a chinneann an t-inneall cuardaigh an áit a théann do shuíomh gréasáin ar an leathanach torthaí? 

Tá an gréasán cosúil le leabharlann atá de shíor ag fás leis na billiúin leabhar agus gan aon lárchóras cómhdúcháin. Baineann innill chuardaigh leas as bogearraí cosúil le ransaitheoirí gréasáin chun suíomhanna atá ar fáil go poiblí a innéacsú. Nuair a chuardaíonn tú, déanann an t-inneall cuardach na leathanaigh gréasáin atá aige ina innéacs a chuardach. Ansin, cinneann algartam ord na dtorthaí a fheiceann tú, leis na cinn is ábharthaí ag barr an liosta. Cé nach gcuirtear amach na halgartaim seo go poiblí, tá roinnt taighdeoirí tar éis a fháil amach faoi na fachtóirí a imríonn tionchar ar ord na dtorthaí. Níl a fhios go fóill conas a chuireann na halgartaim na fachtóirí seo le chéile agus an cóimheas a bhaineann leo. Go simplí, tá na comhábhair againn ach níl an t-oideas ar eolas againn. Ina ainneoin sin, tá  dóthain ar eolas againn chun seans a thabhairt dúinn féin a bheith níos feiceálaí sna torthaí cuardaigh. Breathnóimid ar na fachtóirí rangaithe seo sa chéad chéim eile.