3. Céim 2: Cuir d’eochairfhocail in ord tosaíochta
Nuair atá roinnt eochairfhocail féideartha liostáilte agat, ba chóir duit uirlisí cosúil le Google Trends nó Google Keyword Planner a úsáid ar mhaithe le níos mó faisnéis a fháil faoi mhinicíocht na n-eochairfhocal i gcuardaigh ar líne. Tá físeáin curtha againn ag deireadh an leabhair seo a thaispeánann duit conas Google Trends agus Google Keyword Planner a úsáid.
Déarfaidh Google Trends leat an mbaineann daoine úsáid as focal amháin thar fhocal comhchiallach eile.
Tabharfaidh Google Keyword Planner amharc níos suntsaí duit ar threochtaí cuardaigh. Is féidir leis a rá go beacht leat faoi mhinicíocht téarma cuardaigh faoi leith, cuid de na téarmaí gaolmhara a chuardaíonn daoine, cá dtarlaíonn na cuardaigh seo agus cé mhéad fógróirí eile atá ag íoc as fógraí a thaispeáint nuair a chuardaíonn daoine na téarmaí seo.
Bíodh tábla leagtha amach agat chun an fhaisnéis seo a thaifead chun tús áite a thabhairt do na heochairfhocail.
Seo sampla ag baint úsáid as dhá chatagóir:
- Minicíocht an Eochairfhocail: Cé chomh minic a chuardaítear an focal i gcuardach ar líne
- Ábharthacht na Topaice: Cé chomh ábhartha is atá an focal don chomhthéacs
Eochairfhocal
Minicíocht an Eochairfhocail
Ábharthacht na Topaice
Tosaíocht
Eochairfhocal | Minicíocht an Eochairfhocail | Ábharthacht na Topaice | Tosaíocht |