4. Céim 3: Bain úsáid as d’eochairfhocail
Nuair atá d’eochairfhocail sainaitheanta agat agus tús áite tabhartha agat dóibh, is fiú duit iad a ionchorprú isteach sa téacs ar do shuíomh gréasáin. Bain úsáid as d’eochairfhocail ardtosaíochta den chuid is mó.
Cá háit gur chóir é seo a dhéanamh?
URL
Téacs ailtéarnach don íomhá
Téacs a thagann aníos in áit an íomhá chun cabhrú leo siúd atá lagamhairc orthu nó a thagann aníos mura dtagann an íomhá aníos ar an scáileán.
Clibeanna teidil Eilimint HTML a shonraíonn teidil an leathanaigh gréasáin. Léirítear clibeanna teidil ar leathanaigh torthaí innill chuardaigh mar cheannlíne inchliceáilte do thoradh áirithe.
Naisc Inmheánacha
Naisc ó leathanach amháin ar do shuíomh gréasáin go leathanach eile ar do shuíomh gréasáin.
Clibeanna ceanntáisc
An ceannteideal nó na fo-cheannteidil ar do shuíomh gréasáin.
Scéimre
Mionsonraí gur féidir leat a chur le do shuíomh gréasáin chun cur síos níos fearr a thabhairt (blúire saibhir go comónta). Tagann na mionsonraí seo aníos i dtorthaí cuardaigh. Is iad íomhánna, praghasanna agus léirmheasanna samplaí de scéimrí.
Mapa suímh
Comhad a úsáideann tú chun faisnéis a chur ar fáil faoi na leathanaigh, físeáin agus comhaid eile ar do shuíomh chomh maith leis na gaoil atá eatarthu.
Meiteathuairisc
Tuairisc ghearr a dhéanann achoimriú ar ábhar do shuímh ghréasáin.