2. Eitic sna hearnálacha cultúrtha agus cruthaitheachta

Seans go gceapfá nach bhfuil eitic tábhachtach do do chuid oibre agus tú ag obair san earnáil chultúrtha nó ealaíona. É sin ráite, tá eitic an-tábhachtach do na cinntí a ghlacann tú ó cheann ceann an lae.
Agus tú i mbun coimeádaíochta ar thaispeántas ealaíne nó músaeim mar shampla, is gá machnamh ceart a dhéanamh ar na grúpaí atá ann agus ar a gcuid creidimh. Cruthaíonn na cinntí a ghlacann tú maidir leis na rudaí gur chóir a chur ann, na rudaí atá luach orthu agus nach bhfuil luach orthu, teanga s.rl pictiúir don phobal ar bhealaí neamhbheartaithe. Ar an mbealach céanna, le grianghrafadóireacht, tá gaol dlúth ag eitic leis na cinntí a ghlactar maidir le cead a fháil agus le híomhánna a chur in eagar. Caithfidh an grianghrafadóir machnamh a dhéanamh ar an bhfreagracht atá acu dá lucht féachana agus dá suibiachtaí.
Ar bhonn níos ginearálta, tá diminsin eitice ag baint le rudaí cosúil le cé lena bhfuil tú ag obair, cá háit a bhfuil imeachtaí á óstáil agat agus cá háit a bhfaigheann tú d’ábhar. Is gá machnamh a dhéanamh i gcónaí ar céard nó cé a bhfuil tú ag tacú.  
Sa bhliain 2009, reáchtáil an Getty Conservation Institute díospóireacht phainéil darbh ainm “Ethical Dilemmas in the Conservation of Modern and Contemporary Art”. Is féidir leat cliceáil anseo chun breathnú ar an díospóireacht seo más spéis leat.