3. An gaol idir eitic agus an dlí

Cé go bhfuil trasnaíl eatarthu go minic, ní hionann eitic agus an dlí. Ní hionann an rud atá sé de cheart agat a dhéanamh de réir an dlí a dhéanamh agus an rud ceart a dhéanamh. Féadfaidh linn a cheapadh go bhfuil rud éigin do-ghlactha cé go bhfuil sé dleathach. Deireann an dlí linn na rudaí gur féidir linn a dhéanamh agus na rudaí nach féidir linn a dhéanamh. Tá an dlí uilíoch agus tá údarás an dlí á chur i bhfeidhm ag an rialtas. Ar an lámh eile, tugann eitic treoirlínte dúinn ar na rudaí cearta le déanamh sa saol. Tá sé de dhualgas orainn iompar eiticiúil a bheith againn agus cé nach bhfuil aon chumhachtaí forfheidhmithe ag an rialtas, is minic a dhéantar eitic a chur i bhfeidhm go sóisialta (m.sh baghchat poiblí a dhéanamh ar eagraíochtaí mí-eiticiúla). 
Deirtear go leagann an dlí amach íoschaighdeáin iompraíochta agus go leagann eitic amach uaschaighdeán iompraíochta. Deireann daoine eile go dtosaíonn eitic amach san áit a chríochnaíonn an dlí. Sa lá atá inniu ann, tá sé de dhualgas ar eagraíochtaí ní hamháin cloí leis an dlí ach a bheith eiticiúil.