Grianghraif 360 Céim

Is éard atá i ngrianghraif 360 céim, mar a thugann an t-ainm le tuiscint, íomhánna a chlúdaíonn 360 céim timpeall ar an áit ar tógadh an grianghraf. Cé go bhfuil siad cosúil i dtosach báire le híomhánna leathanradhairc, tá scóip níos mó fós ag na híomhánna 360 céim agus tá sé i gceist go mbreathnófaí orthu ar bhealaí ar leith.
Ciallaíonn sé seo gur féidir iad a thaispeáint ar bhealach a fhágann go bhfuil na daoine a bhreathnaíonn ar na híomhánna ina seasamh i mbolgán leis an íomhá timpeall orthu i ngach áit.
Nuair nach dtaispeántar íomhánna 360 céim ar an mbealach ceart is minic a bhreathnaíonn siad brúite nó sínte go spleách.
Is féidir le roinnt fóin chliste íomhánna 360 céim a thógáil agus an fheidhm leathanradhairc á úsáid acu nó is féidir leo "sféir íomhá" a chruthú.
Tá tóir níos mó ar íomhánna 360 anois agus tá níos mó suíomhanna gréasáin tar éis réiteach a chruthú a cheadaíonn íomhánna 360 céim a thógáil agus a thaispeáint. Suíomh gréasáin samplach a cheadaíonn uaslódáil íomhánna 360 is ea Panoraven.
Photo by Zappho