Cóipcheart: Rosliak Oleksandr
Sular féidir leat na céimeanna a ghlacadh chun tú féin a chosaint, is gá duit a bheith eolach faoi cén fhaisnéis atá agat a theastaíonn uait a chosaint. Glaoitear do shócmhainní faisnéise orthu seo.
Ar dtús, déan liosta de do shócmhainní faisnéise ar scairbhileog ag baint úsáid as ár dteimpléad.
Teimpléad de liosta de shócmhainní faisnéise
Seo roinnt samplaí le machnamh a dhéanamh orthu:
- Pasfhocail ar líne
- Pasfhocail
- Bunachar de shonraí teagmhála
- Comhaid thionscadail
Ansin, in aice le gach mír ar do liosta, déan an frithbheart atá tógtha agat chun an mír a chosaint a nótáil. Muna bhfuil aon chúraimí cosanta glactha agat déan cinneadh faoi na cinn a ghlacfaidh tú agus breac síos iad. Ba chóir duit colún sa bhreis a chur leis an scairbhileog gur féidir leat a uasdátú nuair atá an frithbheart curtha i bhfeidhm agat. Cinnteoidh sé seo nach ndéanfar dearmad ar aon cheann.
Tá sé tábhachtach filleadh ar an liosta seo agus uasdátú a dhéanamh air ó am go ham.
Anois, sula leanann tú ar aghaidh, cuir ceann de na frithbheairt i bhfeidhm.
Τελευταία τροποποίηση: Τετάρτη, 17 Νοεμβρίου 2021, 6:52 PM