Spotsolas ar The Dublin Circus Project

Cé hiad?
Is eagraíocht neamhbhrabúis, ballbhunaithe é The Dublin Circus Project (DCP) a dhíríonn ar chaomhnú agus forbairt a dhéanamh ar na healaíona sorcais i mBaile Átha Cliath agus in Éirinn. Bunaíodh DCP sa bhliain 2009 agus tá ballraíocht na heagraíochta déanta suas de ghrúpa leathan daoine ó lámhchleasaithe céaduaire go dtí an téadchleasaí proifisiúnta agus an taibheoir aeir i measc thaibheoirí shorcais eile. Is é aidhm na heagraíochta ná chun deiseanna oideachais agus deiseanna comhroinnte scileanna a chruthú don phobal agus do thaibheoirí proifisiúnta sorcais.
Chomh maith leis sin, tá sé d’aidhm ag DCP tacú le taibheoirí atá ag teacht chun cinn ina n-aistriú chuig an saol proifisiúnta. Freisin, chomh maith leis na deiseanna traenála agus oideachais a chuireann DCP ar fáil dá bhaill, glacann an eagraíocht páirt i gcláir fhor-rochtana le scoileanna agus le grúpaí atá i mbaol sa tsochaí. Lena chois sin, cuireann an eagraíocht suíomh tiomnaithe ar fáil do thraenáil don sorcas ar fáil, agus is é seo an t-aon suíomh den chineál sin atá ar fáil in Éirinn.
Is féidir níos mó a léamh faoi DCP anseo.
Conas a chosnaíonn siad iad féin?
Chun dul i ngleic le bagairtí digiteacha, braitheann DCP ar na córais shlándála atá leabaithe sna táirgí agus seirbhísí atá aige chun an eagraíocht a rith. Chun úsáid éifeachtach a bhaint as na gnéithe slándála atá sna córais seo, cruthaíonn an eagraíocht pasfhocail chompléascacha de réir an dea-chleachtais. Chomh maith leis sin, úsáidtear pasfhocail faoi leith do gach córas agus athraítear go minic iad. Cinntíonn DCP go bhfuil na bogearraí suas chun dáta chun ionsaithe digiteacha a sheachaint. Braitheann DCP ar shaineolas an Riarthóir Ginearálta, a d’oibrigh le Google ar feadh seacht mbliana, chun cinntiú go bhfuil siad suas chun dáta faoi shlándáil dhigiteach.Níor fhulaing an DCP cibearchoireacht riamh ó bunaíodh é sa bhliain 2009.
Tá an cás-staidéar seo bunaithe ar chomhfhreagras le Nathalie Clement, Riarthóir Ginearálta an Dublin Circus Project.
Last modified: Wednesday, 17 November 2021, 7:15 PM