Is iad Fáilte Ireland an tÚdarás Náisiúnta Forbartha Turasóireachta in Éirinn. Is é an ról atá acu ná chun tacú leis an bhfás inbhuanaithe fadtréimhseach ón turasóireacht in Éirinn sna hearnálacha eacnamaíocha, sóisialta, cultúrtha agus timpeallachta. Tá cur chuige sonrach, il-leibhéal forbartha acu chun a lucht féachana a aithint. Seans go bhfuil codanna dá gcur chuige gur féidir leat leas a bhaint astu nó gur féidir leat a chur in oiriúint ar mhaithe le do chomhthéacs féin. 

I dtosach báire, d’aithin Fáilte Ireland deighleoga tosaíochta a gcustaiméirí. Is éard atá i gceist le deighiltiú go bunúsach ná grúpáil a dhéanamh ar dhaoine de réir critéar. Bhunaigh Fáilte Ireland a ndeighleoga ar luachanna agus spreagthaí a gcustaiméirí agus d’aithin siad trí eochairdheighleog don mhargadh intíre (daoine Éireannacha ag dul ar saoire in Éirinn):

  • Teaghlaigh le gaol dlúth eatarthu

  • Daoine Sóisialta gan cás nó cathú orthu

  • Daoine Rómánsúla

Agus trí dheighleog eile don mhargadh domhanda (cuairteoirí ó thíortha thar lear): 

  • Daoine atá fiosrach faoin gcultúr

  • Daoine Sóisialta Fuinniúla

  • Na Mór Éalaitheoirí

Cuireadh na ceisteanna seo a leanas chun cabhrú le cur síos a thabhairt ar gach deighleog:

Cé hiad?

Céard a theastaíonn uathu óna saoire?

Céard nach dteastaíonn uathu óna saoire?

Is dóichí go dtabharfaidh siad cuairt ar...

Cá fhad is dóichí go bhfanfaidh siad agus cá háit? 

Céard iad na rudaí is dóichí go n-íocfaidh siad as agus iad anseo?

Céard a chuimsíonn eispéireas iontach bia agus deoch dóibh?

Cad iad na nósanna meán atá acu?

Is féidir níos mó a léámh faoi na deighleoga anseo.

Ansin, chruthaigh siad roinnt personas do gach deighleog chun cur síos a dhéanamh ar na daoine tipiciúla a bhaineann leis an deighleog sin. Seo sampla ón deighleog, Na Mór Éalaitheoirí:






Last modified: Thursday, 18 November 2021, 4:24 PM