Improving the Digital Competences and Social Inclusion of Adults in Creative Industries
Lucht Féachana Digiteacha agus Anailísíocht Dhigiteach
1. Do Lucht Féachana Reatha
Tá sé ríthábhachtach tuiscint a bheith agat ar do lucht féachana digiteach agus is é seo an chéad chéim i gcruthú ábhair le roinnt ar do shuíomh gréasáin agus ar do chuntais mheáin shóisialta. Sa domhan gnóthach seo, cabhróidh sé leat aird do lucht féachana a tharraingt agus a choimeád má fhaigheann tú amach cén saghas suimeanna agus spreagthaí atá acu. Úsáidtear an téarma “lucht féachana” go fairsing anseo. Is féidir leis an téarma seo tagairt a dhéanamh ar dhaoine, rannpháirtithe, cuairteoirí, baill, urraitheoirí, gnólachtaí tráchtála s.rl., ag braith ar an gcomhthéacs. Ní féidir leat braith ar thuairimí ná ginearálaithe leathan nuair a thagann sé go dtí do lucht féachana a aithint. Is gá a bheith soiléir faoi cé hiad do lucht féachana agus céard a thug an spreagadh dóibh chun nascadh leat. Cabhróidh sé leat do láithreacht ar líne a mhionchoigeartú má tá a fhios agat cé lena bhfuil tú ag caint agus má tá aithne agat ar do lucht féachana.
Tá dhá cheist thábhachtacha le tabhairt san áireamh nuair a thagann sé go dtí lucht féachana digiteacha agus is iad:
Cé? Cé hiad do lucht féachana reatha agus cá háit a bhfuil bearna ann d’acmhainneacht fáis?
Cén fáth? Cén fáth a bhfuil siad ag gníomhú anois, agus céard a mheallfadh iad chun chun níos mó gníomhaíochta a dhéanamh amach anseo?