
Fíorúil Conas? Réaltacht Conas?
Chun croí na Réaltachta Fíorúla a thuiscint i ndáiríre, ní mór dúinn é a bhriseadh síos agus a chur i gcomparáid leis an saol mar atá. Níos tábhachtaí fós, ní mór dúinn a thuiscint go mbíonn réaltacht fhíorúil de ghnáth i spás sa saol mór, mar a thaispeántar i Léaráid 1. Ciallaíonn sé sin, mar dhearthóirí Réaltachta Fíorúla, go gcaithfidh muid caitheamh leis an Réaltacht Fhíorúil mar a chaithfeadh muid le píosa troscáin - Cá háit ar cheart go mbeadh rochtain ar an socrú VR suite go fisiciúil nuair a thugann daoine cuairt ar thaispeántas? Cad iad na rudaí atá in aice leis? Ba chóir dúinn a bheith ar an eolas freisin go gcruthaíonn sé seo teorainn - féadfaidh daoine siúl timpeall agus iad i VR, ach ní féidir leo dul ach chomh fada is a cheadaíonn an VR dóibh, ó tharla é a bheith teoranta ag cáblaí agus braiteoirí. Breathnóidh muid isteach beagán níos doimhne sna ceisteanna seo trí fhéachaint ar na cásanna éagsúla VR.