4 pictures: First, A person in VR next to a person outside VR. Second, two persons in VR. Third, two persons outside VR watching a wall projection. Fourth, VR shown on a website.
Fig 2. Scenarios for Virtual Reality. How do we design for them?

Cásanna Tipiciúla Réaltachta Fíorúla

Mar dhearthóirí VR, ní mór dúinn a bheith ar an eolas faoi cad a chiallaíonn réaltacht fhíorúil d’idirghníomhaíochtaí daoine. Léiríonn Léaráid 2 thuas cásanna éagsúla Réaltachta Fíorúla thuas. Déanfaidh muid mion-chomparáid idir na cásanna:

  • Taispeánann Cás A go bhfuil Joe ag caitheamh fearas cinn VR in aice le Dave atá taobh amuigh den VR. De ghnáth sa chás seo, bíonn cumarsáid laghdaithe ann - b’fhéidir go bhfuil Joe agus Dave in ann labhairt lena chéile, ach nach bhfuil siad in ann a chéile a fheiceáil a thuilleadh. Cruthaíonn sé seo deacracht spéisiúil dúinne mar dhearthóirí VR. Conas is féidir le Joe anois a eispéireas VR a roinnt le Dave?
  • Taispeánann Cás B go bhfuil Joe agus Dave beirt ag caitheamh fearas cinn VR agus tá siad sa domhan céanna. Is féidir leo anois an t-eispéireas VR a roinnt lena chéile, agus baineann siad an-sásamh go deo as. Mar sin féin, léiríonn sé seo ábhar imní maidir le sábháilteacht - Ó tharla go bhfuil Joe agus Dave beirt sa VR agus nach bhfuil aon duine eile thart, d'fhéadfaidís siúl isteach i gconstaicí sa saol ceart.
  • Taispeánann Cás C Joe agus Dave sa saol ceart, ag breathnú ar theilgean de réaltacht fhíorúil. Ach fan, an Réaltacht Fhíorúil í seo? Déarfadh daoine áirithe gurb ea - ach, baineann tumadh an-teoranta leis an gcineál seo VR. Ach is féidir é a úsáid, mar shampla in éineacht le Cás A, chun ligean do Dave sa domhan ceart an méid atá ag tarlú do Joe sa domhan fíorúil a leanúint.
  • Taispeánann Cás D ar deireadh an réaltacht fhíorúil mar a fheicfidh tú í sa chúrsa seo - físeán leabaithe idirghníomhach, ar féidir leat é a tharraingt timpeall. Tá VR chomh solúbtha na laethanta seo, gur féidir é a dháileadh ar dhaoine ar an idirlíon, fiú mura bhfuil fearas cinn acu. Ciallaíonn sé seo, mar shampla gur féidir le músaeim ligean do dhaoine a dtaispeántais a fheiceáil ar líne. Ligeann roinnt eispéiris duit fearas cinn VR a úsáid, agus é plugáilte isteach i do ríomhaire.

Is é an bealach is éasca le tuiscint cheart a fháil ar an méid is féidir linn a dhéanamh le Réaltacht Fhíorúil mar dhearthóirí ná triail a bhaint aisti tú féin. Sa chéad mhír eile breathnóidh muid ar roinnt eispéiris shonracha Réaltachta Fíorúla.

bike tracks