Projection of a minotaur by a magic lantern.
Musschenbroek's Magic Lantern (1721).

Fadó fadó..

Déantóir uirlisí san Ísiltír ab ea Jan van Musschenbroek - Ina cheardlann bhí go leor aireagán aisteach, idir chaidéil aeroibrithe agus mhicreascóip. Dhíol sé ceann acu lena chara Willem, a bhí ina fhisiceoir ag an am ar 100 gildear. Ní bheadh súil ag duine ar bith acu go gcuirfeadh aireagán Jan tús le tionscal na scannán sa 19ú haois.

Tá spéis ag daoine amhail Jan agus Willem ó thús ama i ndomhain dhodhéanta a chruthú - saol na n-aislingí agus an fhicsin eolaíochta. Ba iad siúd na chéad fhorbróirí de réaltacht fhíorúil.


From the orchestra hall to the prison.
Image content from Justraveling.com and Ilsladkih (CC-BY-SA 4.0)

Dearadh don Réaltacht Fhíorúil

Ligeann Réaltacht Fhíorúil dúinn mar dhearthóirí eispéiris réalaíocha a ghineann ríomhaire a chruthú, ar bhealaí nach féidir linn a dhéanamh sa saol mar atá. Fágann sé an lucht féachana le mothú go bhfuil siad ann agus go n-athróidh rudaí a dhéanann siad an méid a fheiceann siad ar bhealach éigin

  • Is féidir le dearthóirí eispéiris VR a úsáid chun daoine a chur i mbróga daoine eile agus ligean dóibh tuiscint a bheith acu le daoine eile.
  • Is féidir le dearthóirí músaem taispeántais a fheabhsú, trí ainmhithe nó timpeallachtaí nach bhfuil ann níos mó a thabhairt ar ais arís.
  • Is féidir le ceoltóirí VR a úsáid chun a n-eispéireas ceoil a fheabhsú.

Ach cén obair atá i gceist le heispéiris den sórt sin a dhearadh? Agus cad iad na teorainneacha? Chun é seo a thuiscint, léifidh tú teoiric ar na buneilimintí a bhaineann le dearadh Réaltachta Fíorúla agus fiosróidh tú trí chás praiticiúla den Réaltacht Fhíorúil.

Cliceáil an tsaighead  chun leanúint ar aghaidh ag léamh