3. Anailísíocht Shuímh Gréasáin

Tá níos mó agus níos mó daoine ag idirghníomhú le chéile ar líne gach lá. Mar sin, féadfaidh le do shuíomh gréasáin a bheith mar fhoinse thábhachtach ioncaim ach féadfaidh leis a bheith mar fhoinse thábhachtach sonraí le haghaidh do ghnólachta. Féadfaidh leis na sonraí atá i gceist a bheith aon rud ó na suíomhanna a nascaigh le do shuíomh féin, na leathanaigh is mó ar do shuíomh a bhaineann úsáideoirí úsáid astu, líon iomlán na gcuairteanna a thug siad ar do shuíomh, aois na n-úsáideoirí, inscne na n-úsáideoirí agus suíomh na n-úsáideoirí.

Is anailísíocht shuímh gréasáin ann ná an anailís, bailiú agus tuairisciú a dhéantar ar na sonraí seo. 

  1. I measc rudaí eile, cabhróidh anailísíocht shuímh gréasáin leat: 
  2. Aithne a chur ar na daoine atá ag tabhairt cuairt ar do shuíomh gréasáin. 
  3. Do straitéis OIC a fheabhsú.
  4. An t-ábhar is mó a oireann do do lucht féachana chomh maith leis an t-ábhar nach n-oireann dóibh a shainaithint.
  5. Do dhíolacháin a rianú.
Cabhróidh an anailís seo leat straitéisí a bhunú chun d’fheidhmíocht a fheabhsú.

Féadfaidh leis an oiread sonraí atá amuigh ansin a bheith thar na bearta agus tá sé éasca am a chur amú ag déanamh tomhais ar shonraí nach gá a bheith ar eolas agat. Mar sin, sula dtosaíonn tú, is í an chéad chéim an chéim is tábhachtaí agus mar chuid den chéim sin ba chóir duit plean tomhais a bhunú a aistríonn d’aidhmeanna gnó go méadracha ar féidir leat a thomhas ar do shuíomh gréasáin. 

Is í an cheist thábhachtach le cur ná: “Céard is gá do mo shuíomh gréasáin a dhéanamh le haghaidh mo ghnólachta?”