1. Céard is Google Analytics ann?

Is bogearra saor in aisce é Google Analytics a ligeann duit súil a choinneáil ar na rudaí atá ag tarlú ar do shuíomh gréasáin. Tá bogearraí d’anailísíocht suímh gréasáin ar fáil ach is é Google Analytics an ceann is mó a úsáidtear.

Coimeádann Google Analytics súil ar roinnt méadraigh cosúil le:
    • Líon na gcuairteoirí ar do shuíomh gréasáin
    • Cá as a dtagann do chuairteoirí
    • Cad a dhéanann do chuairteoirí ar do shuíomh gréasáin
    • Na leathanaigh is coitianta

Is féidir leat an fhaisnéis seo a úsáid le monatóireacht agus tomhas a dhéanamh ar éifeachtúlacht na ngníomhaíochtaí margaíochta.
 
Céard a dhéanann sé?
Oibríonn Google Analytics trí fhianán a chur ar bhrabhsálaí do chuairteora. Baineann sé úsáid as an bhfianán seo chun súil a choimeád ar iompar na n-úsáideoirí ar do shuíomh gréasáin agus chun fáil amach conas a tháinig siad ar do shuíomh. Is dócha go bhfaca tú na fógraí fianáin ar na suíomhanna gréasáin a thug tú cuairt orthu cosúil le suíomhanna Ard-Mhúsaem na hÉireann agus The Irish Times.





Baineann Google Analytics úsáid as JavaScript chun fianáin a rianú. Má tá duine tar éis fianáin a dhíchumasú, ní rianófar iad. Is fiú cuimhneamh nach rianófar gach cuairt ar do shuíomh gréasáin agus tú ag déanamh anailís ar do chuid sonraí.

Cé atá in ann é a úsáid?
Is féidir le haon duine le blag nó suíomh gréasáin statach Google Analytics a úsáid, is cuma má úsáidtear na suíomhanna gréasáin nó na blaganna ar bhonn proifisiúnta nó ar bhonn pearsanta.

Gluais
Seans go dtiocfaidh tú trasna ar théarmaí éagsúla nach dtuigeann tú agus tú ag baint úsáid as Google Analytics. Cliceáil anseo le rochtain a fháil ar ghluais Google Analytics chun cabhrú leat.