1. Anailísíocht shonraí agus an tábhacht a ghabhann léi

Is éard is anailísíocht ann ná an anailís agus léirmhíniú a dhéantar ar shonraí.  

Is éard is sonraí ann ná aon fhaisnéis gur féidir leat a bhailiú, ó uimhreacha go focail agus tuairimí. Go ginearálta, nuair atáimid ag labhairt faoi anailísíocht shonraí táimid ag labhairt faoin anailís a dhéantar ar uimhreacha. 

Tá anailísíocht shonraí le fáil i ngach aon áit. Tá tú ag baint úsáid as anailísíocht shonraí má chomhaireann tú do chuid céimeanna ar FitBit nó má bhreathnaíonn tú ar líon na ndaoine a thug “is maith liom” chuig do phostálacha ar na meáin shóisialta.

  • Cabhraíonn na tuiscintí a fhaighimid ón anailísíocht shonraí linn chun:
  • Cinntí níos fearr a dhéanamh 
  • Déileáil le mianta na gcustaiméirí agus mianta na gcustaiméirí a shásamh 
  • Éifeachtúlacht a fheabhsú 

Léigh níos mó anseo.