Improving the Digital Competences and Social Inclusion of Adults in Creative Industries
Lucht Féachana Digiteacha agus Anailísíocht Dhigiteach
2. Ag oscailt cuntais
Tá cuntas Google ag teastáil chun cuntas Google Analytics a oscailt. Seans go bhfuil cuntas Google agat a úsáideann tú do sheirbhísí eile cosúil le Gmail, Google Drive, Google Calendar, Google+, nó YouTube, gur féidir leat a úsáid, nó is féidir leat cuntas nua a oscailt. Déan cinnte go n-úsáideann tú cuntas a choimeádfaidh tú agus nach bhfuil rochtain ag aon duine eile air. Mar shampla, déan cinnte nach ligeann tú do d’fhorbróir gréasáin cuntas Google a oscailt ar do shon mar dá scarfá uathu amach anseo bheadh do shonraí acu agus bheadh ort tosú arís agus cuntas eile a oscailt.
Lean na céimeanna seo le tús a chur leis an bproiséas:
Céim 3: Cliceáil ar ‘sign in’ chun cuntas a oscailt
Céim 4: Lean na treoracha ar an scáileán chun do chuntas a oscailt agus chun do chód rianaithe a fháil
Céim 5: Cuir an cód rianaithe le gach leathanach ar do shuíomh gréasáin. Is féidir le d’fhorbróir gréasáin é seo a dhéanamh. Nuair atá an cód curtha agat le do shuíomh ba chóir go bhfeicfidh tú na sonraí ar an bpointe ansin sna tuairiscí fíor-ama de chuid Google Analytics.