4. Tuairiscí

Seo a leanas na tuairiscí caighdeánacha atá ar fáil in Google Analytics: 

Tuairiscí de Lucht Féachana
Nuair a logálann tú isteach ar Google Analytics, tabharfar chuig an Audience Overview Report. Tugann na tuairiscí seo eolas duit ar na cuairteoirí chuig do shuíomh gréasáin (m.sh deimeagrafaicí, suíomh geografacha s.rl.).  

Tuairiscí Fíor-ama
Tugann na tuairiscí seo an deis duit an ghníomhaíocht ar do shuíomh idirlín a thomhas de réir mar a tharlaíonn sé. 

Tuairiscí Fála
Tugann na tuairiscí seo eolas duit ar cá as ar tháinig do chuairteoirí (m.sh na meáin shóisialta, go díreach, trí ríomhphost s.rl.). 

Tuairiscí Iompraíochta
Tugann na tuairiscí seo eolas duit ar an mbealach atá na húsáideoirí ag bogadh tríd do shuíomh. Is féidir iad seo a úsáid chun tuiscint níos fearr a fháil ar na leathanaigh atá ag feidhmiú go maith agus ar na leathanaigh gur gá a fheabhsú.

Tuairiscí Tiontúcháin
Má leagann tú amach aidhmeanna laistigh de Google Analytics, déarfaidh na tuairiscí seo leat líon na ndaoine atá ag cur na ngníomhaíochtaí seo i gcrích, nó i bhfocal eile, cé chomh maith is atá do shuíomh ag feidhmiú chun úsáideoirí a mhealladh tabhairt faoi na gníomhaíochtaí seo chun do chuid aidhmeanna a shásamh.

Níl anseo ach samplaí. Tá os cionn 50 cineál tuairisce in Google Analytics. Is féidir leat do shaintuairiscí féin a chruthú chomh maith.

Tá na tuairiscí seo ar fáil sa taobh-bharra ar thaobh na láimhe clé.

Is féidir leat cliceáil ar na dátaí ar an taobh deas den tuairisc chun an dátaraon do na sonraí ar a bhfuil tú ag breathnú a athrú. Freisin, is féidir leat an bosca Compare a thiceáil chun do shonraí ó dhátaraon amháin (m.sh an mhí seo) a chur i gcomparáid le sonraí ó dhátaraon eile (m.sh an mhí seo caite).