6. Deighleoga

Beidh go leor cineálacha cuairteoirí éagsúla agat ar do shuíomh gréasáin. Is féidir leat deighleoga a úsáid má theastaíonn uait grúpa daoine faoi leith a aonrú chun anailís a dhéanamh orthu. Seo roinnt samplaí de dheighleoga difriúla:
 
    • Cuairteoirí Nua
    • Cuairteoirí atá ag filleadh ar an suíomh
    • Cuairteoirí ó réigiún geografach faoi leith
    • Úsáideoirí a cheannaíonn ticéid do sheó a bhaineann le seánra faoi leith
Tá deighleoga réamhshocraithe ag Google Analytics gur féidir leat a úsáid nó is féidir leat do chinn féin a chruthú don anailís. Is féidir le deighleoga sainoiriúnaithe a bheith úsáideach má theastaíonn uait tuairisciú a dhéanamh ar sheó, ócáid tiomsaithe airgid nó eachtra faoi leith. 

Breathnaigh ar an bhfíseán seo de chuid Google Analytics Academy chun níos mó a fhoghlaim faoi dheighleoga agus conas iad a úsáid in Google Analytics.