3. Aidhmeanna

Is í an chéad chéim eile anois ná do chuid aidhmeanna a leagadh amach.

Úsáidtear aidhmeanna chun tomhas a fháil ar cé chomh minic a chríochnaíonn úsáideoirí gníomhaíochtaí tábhachtacha faoi leith ar do shuíomh gréasáin. Féadfaidh le haidhm ar do shuíomh bheith simplí cosúil le ticéad a cheannach, síniú suas do nuachtlitir nó breathnú ar fhíseán. Tá sé ríthábhachtach tuiscint a fháil ar líon na ndaoine a chuireann na gníomhaíochtaí seo i gcrích chun tomhas a dhéanamh ar rathúlacht do shuímh ghréasáin agus do ghnólachta.


Conas aidhm a leagadh amach ar Google Analytics:

  1. Oscail an Leathanach Riaracháin in Google Analytics. 
  2. Sa cholún 'View', cliceáil ar an gcnaipe 'Goals'
  3. Cliceáil ar 'New Goal' ansin
Is féidir leat ceann de na teimpléid a bhfuil ar fáil a úsáid nó is féidir leat do shainaidhm féin a chruthú.  

Chun níos mó a fhoghlaim faoi aidhm a leagadh amach, breathnaigh ar an bhfíseán seo de chuid Google Analytics Academy: