3. Twitter
Is féidir le Twitter léargas ginearálta a thabhairt duit ar na príomhstaitisticí ar feadh tréimhse 28 lá nó do tvuít amháin. Is féidir leat an léargas ginearálta a fheiceáil sa roghchlár ag barr an scáileáin sa chúinne ar thaobh na láimhe clé (féach thíos). Is féidir leat na hanailísíochtaí do tvuít amháin a fheiceáil trí chliceáil ar na poncanna sa chúinne ar thaobh na láimhe deise den tvuít féin.