2. Conas ríomhphost fioscaireachta a aithint?

Cé go bhfuil seans ann go mbreathnódh ríomhphost iontaofa ar an gcéad amharc, cabhraíonn iniúchadh breise na mórchomharthaí a léiríonn nach bhfuil an ríomhphost iontaofa in aon chor a aithint. 

Féach ar an bhfíseán seo chun foghlaim céard iad na rudaí is gá súil a choinneáil orthu:

 
  

Má fhaigheann tú ríomhphost a chuireann imní ort, ná déan cliceáil ar na naisc sa teachtaireacht. Téigh i dteagmháil leis an tseirbhís do chustaiméirí de chuid na heagraíochta ag baint úsáid as na sonraí teagmhála ar a suíomh gréasáin, nó logáil isteach ar do chuntas tríd a suíomh gréasáin.

Ar an drochuair, bainfidh ionsaitheoirí leas as eachtra ar bith chun airgead a thuilleamh agus ní haon eisceacht í an phaindéim Covid-19. Cliceáil anseo chun eolas a fháil faoi sceamáil fhioscaireachta a tharla le déanaí a bhí dírithe ar dhaoine a bhí ag fanacht ar an vacsaín i gcoinne an ghalair Covd-19 i dTuaisceart Éireann.