Céard is bogearraí mailíseacha ann?
Baintear úsáid choitianta as bogearraí mailíseacha chun córais ríomhaireachta a haiceáil. Tugtar bogearraí mailíseacha ar bhogearraí a cruthaíodh chun cuir isteach ar shonraí, bogearraí eile nó crua-earraí agus chun damáiste a dhéanamh dóibh. Is iomaí cineál bogearra mailíseach atá ann cosúil le víris, péisteanna agus traígh. Breathnóimid níos mine orthu seo anois.

An Víreas

Young woman sitting on couch sneezing into a tissue

Cóipcheart: Dragana Gordic
Is é an víreas an cineál bogearra mailíseach is coitianta atá ann. Baineann go leor daoine úsáid inmhalairteach as na téarmaí bogearraí mailíseach agus víreas. Is bogearra é an víreas a dhéanann macasamhail air féin agus a ghreamaíonn le feidhmchláir atá ann ar ríomhaire. Nuair a osclaíonn an t-úsáideoir an feidhmchlár sin, gníomhachtaíonn an víreas agus is féidir leis macasamhail a dhéanamh air féin chun scaipeadh chuig feidhmchláir eile. Baineann haiceálaithe úsáid as víreas chun damáiste a dhéanamh do ríomhaire, chun seilbh a ghlacadh ar ríomhaire, chun teachtaireachtaí bearránacha a fhágáil ar ríomhaire nó chun sonraí pearsanta a ghoid ó ríomhaire.  
 

Péisteanna

Cartoon earth worm

Cóipcheart: Nalin Chanthorn

Is cineál bogearra mailíseach eile í an phéist a dhéanann macasamhail air féin cosúil leis an víreas. Tá an phéist difriúil ón víreas áfach toisc go ndéanann sí macasamhail uirthi féin ach ní dhéanann sí ionsaí ar chomhaid faoi leith atá ar an ríomhaire cheana féin. Is feidhmchlár aonair iad péisteanna. Ní bhraitheann siad ar ghníomhaíochtaí úsáideora le scaipeadh toisc go mbaineann siad úsáid as an gcumarsáid a dhéanann ríomhairí le chéile (thar an idirlíon).

 

Trojans

Bogearra mailíseach eile atá ann ná an Traíoch, a ainmníodh tar éis an chapaill adhmaid a rinne saighdiúirí Gréagacha a smuigleáil isteach go dtí cathair ársa, an Traí.   

Statue of a horse made out of wood

Copyright: Mati Nitibhon

Cliceáil anseo chun níos mó a léamh faoin scéal seo.

Cosúil leis an scéal, déanann traígh iad féin a cheilt mar bhogearra dlisteanach cosúil le spárálaí scáileáin nó cluiche, ach sa chúlra, tá an-chuid damáiste á dhéanamh acu. Tá traígh éagsúil ó víris agus péisteanna toisc nach féidir leo macasamhail a dhéanamh orthu féin - braitheann siad ar a gcumas scaipeadh ó ríomhaire amháin go ríomhaire eile. Déanann úsáideoirí i ngan fhios dóibh féin iad a íoslódáil ag súil go bhfaighidh siad bogearra úsáideach ach seachas bogearra úsáideach a fháil, faigheann siad ríomhaire atá damáistithe ag bogearra mailíseach.

Conas a thagann bogearraí mailíseacha ar do ríomhaire?
Is féidir le bogearraí mailíseacha teacht ar do ríomhaire ar go leor bealaí: 

Ríomhphoist gan iarraidh
Is féidir bogearraí mailíseacha a cheangail le ríomhphoist trí chomhaid nó tríd naisc. 

Féin-fhorleathadh
Déanann péisteanna agus víris féin-fhorleathadh. Is féidir iad a chur i bhfolach ar ghléas nó laistigh de chomhad. Má tá gléas ionfhabhtaithe ceangailte le gléas eile, nó má tá comhad ionfhabhtaithe íoslódáilte ar ghléas eile, ionfhabhtófar an dara gléas sin freisin. Bealach coitianta chun peisteanna/víris a scaipeadh ar an mbealach seo ná chun USB a roinnt. 

Suíomhanna gréasáin mailíseacha
Má thugann tú cuairt ar shuíomh gréasáin mailíseach, is féidir bogearraí mailíseacha a íoslódáil chuig do ríomhaire, fiú más rud é nár chliceáil tú ar na naisc de chuid an tsuímh sin. Glaoitear íoslódáil neamhbheartaithe air seo. Déanann an cineál ionsaithe seo saothrú ar na laigí ar do bhrabhsálaí gréasáin. 

Fógraí mailíseacha
Féadfaidh leat do ríomhaire a ionfhabhtú trí chliceáil ar fhógraí mailíseacha. Uaireanta, is féidir bogearraí mailíseacha a íoslódáil chuig do ríomhaire i ngan fhios duit féin agus tú ar shuíomh gréasáin le fógraí mailíseacha air.


Pēdējās izmaiņas: otrdiena, 2021. gada 16. novembris, 18:24