Improving the Digital Competences and Social Inclusion of Adults in Creative Industries
Sábháilteacht, Slándáil agus Eitic Dhigiteach
1. Bogearra Frithvíreas
Is bogearra frithvíreas ann ná clár nó sraith chláir a cruthaíodh chun cosaint a dhéanamh in aghaidh víris, dul sa tóir ar víris agus chun fáil réidh le víris agus bogearraí mailíseacha eile cosúil le péisteanna, traígh, bogearraí fógraíochta agus eile. Tá sé tábhachtach le nótáil nach bhfuil na bogearraí frithvíreas go léir mar an gcéanna agus nach bhfuil an éifeacht chéanna acu. Agus tú ag roghnú do bhogearra frithvíreas is gá na ceisteanna seo a leanas a chur ort féin:
An bhfuil sé comhoiriúnach le do ríomhaire?
An dtagann sé ó fhoinse chreidiúnach?
An gcuireann sé uasdátaithe ar fáil a ligeann dó do ríomhaire a chosaint ó na bogearraí mailíseacha is déanaí?
Ba chóir duit breathnú ar léirmheasanna ó chomhlachtaí creidiúnacha neamhspleácha a dhéanann léirmheastóireacht ar phacáistí saor in aisce agus ar phacáistí gur gá íoc astu.