1. Céard is fioscaireacht ann?

Is fioscaireacht ann ná ionsaí sóisialta innealtóireachta a úsáidtear chun faisnéis luachmhar a ghoid ó dhaoine. Bíonn na haiceálaithe ag ligean orthu gur pairtí iontaofa iad, cosúil le banc mar shampla, chun cleas a imirt ar dhaoine cliceáil a dhéanamh ar nasc, ceangaltán a íoslódáil, nó chun bob a bhualadh orthu faisnéis rúnda a scaoileadh. Braitheann an fhioscaireacht ar an mhuinín atá ag daoine as teachtaireactaí le cuma oifigiúil orthu. 
Cruthaíonn an t-ionsaitheoir ríomhphost ag iarraidh ar an úsáideoir teagmháil a dhéanamh leo. Leis seo, haiceálaí air gur as comhlacht iontaofa a tháinig an ríomhphost agus go bhfuil fadhb éigin le do chuntas nó go bhfuil gníomhaíocht neamhghnách ar siúl (féach an sampla thíos).  Ar ndóigh, cuireann teachtaireachtaí mar seo buairt ar dhaoine agus cuireann sé seo leis an seans go gcliceálfaidh siad na naisc agus go leanfaidh siad na treoracha. Beidh mionsonraí sa teachtaireacht cosúil le lógó agus seoladh an bhainc. Seolann na haiceálaithe an teachtaireacht seo chuig na milliúin daoine agus bíonn siad ag súil go bhfuil cuntas ag céatadán beag díobh leis an mbanc nó an chomhlacht sin agus go ndéanfaidh daoine cliceáil ar an nasc atá sa teachtaireacht.   

PayPal Phishing Security Notice


Tarlaíonn formhór na n-ionsaithe fioscaireachta trí ríomhphost. É sin ráite, úsáidtear an teicníc seo ar na meáin shóisialta agus ar théacsteachtaireachtaí araon. 

Go hiondúil, seoltar ríomhphoist fhioscaireachta chuig líon mór daoine go randamach ach i gcásanna áirithe áfach, déantar an fhioscaireacht a dhíriú ar dhuine faoi leith nó ar chodanna faoi leith d’eagraíocht. Glaoitear fioscaireacht spriocdhírithe ar an gcineál ionsaithe seo. Baineann fioscaireacht spriocdhírithe úsáid as faisnéis shonrach faoin sprioc ionas go gcreidfidh an sprioc ábhar na teachtaireachta agus go bhfaighidh an haiceálaí freagra uathu chun a gcuid sonraí pearsanta a ghoid.