Cóipcheart: tovovan

Is líonra ann ná grúpa de dhá chóras ríomhaireachta nó níos mó atá ceangailte le chéile chun faisnéis a roinnt. Is iomaí cineál líonra atá ann agus déantar idirdhealú orthu de réir mhéid an líonra agus raon an líonra chomh maith leis an mbealach ina bhfuil siad ceangailte le chéile. 

Líonraí Achair Logánta (LAN) 
Faightear Líonraí Achair Logánta (LAN) i bhformhór na ngnólachtaí agus na n-ollscoileanna go hiondúil. Ceanglaíonn siad ríomhairí le chéile thar achar réasúnta gearr. 

Líonraí Achair Fhairsing (WAN)
Ceanglaíonn Líonraí Achair Fhairsing (WAN) ríomhairí thar achar fada geografach (thar chathracha/stáit/tíortha). Is féidir le WAN oifigí difriúla eagraíochta a cheangail le chéile, nó is féidir leis líonraí níos lú a cheangail freisin. Is sampla de WAN é an t-Idirlíon. Sainmhínítear mar líonra de ghréasáin é. Tá an t-Idirlíon déanta suas de na mílte líonraí ar leith atá faoi úinéireacht rialtais, corporáidí agus úsáideoirí indibhidiúla. 

LAN gan sreang (WLAN) 
Bhraith na líonraí ríomhaireachta luatha ar shreanga chun a gcuid faisnéis a bhogadh timpeall an domhain. Tá úsáid WLAN níos coitianta sa lá atá inniu ann. Glaoitear Wi-Fi ar na gréasáin seo anois tar éis trádmhairc an Wi-Fi Alliance a dheimhníonn táirgí comhoiriúnacha. Ligeann Wi-Fi do ghléasanna cosúil le ríomhairí agus printéirí a bheith ceangailte le chéile gan sreang chun LAN a fhoirmiú. Téann na teachtaireachtaí tríd an aer mar radathonnta seachas bheith ag taisteal tríd cháblaí agus sreanga.  

Last modified: Wednesday, 17 November 2021, 3:31 PM