Cóipcheart:   Georgejmclittle

Tá sé an-áisiúil ar fad nuair a aimsíonn tú nasc Wi-Fi saor in aisc in áit phoiblí nuair atá tú ag bogadh thart timpeall na háite. Má shocraíonn tú Wi-Fi poiblí a úsáid, fiú na cinn a bhfuil pasfhocal ag teastáil chun rochtain a fháil orthu, bí ar an airdeall gur suíomh torthúil é do haiceálaithe faisnéis/eolas pearsanta a ghoid. Tá sé an-éasca do dhaoine cúléisteacht a dhéanamh ar líonraí gan sreang in aerfoirt, caiféanna, óstáin agus áiteanna poiblí eile. 

Ceann de na príomhchontúirtí a bhaineann le húsáid a bhaint as Wi-Fi poibli ná go bhfuil tú tar éis nascadh le teophointe bradach. Is líonra Wi-Fi saor in aisce é a thagann aníos le hainm atá cosúil le hainm líonra dlisteanaí. Tá sé cumraithe ar mhaithe le bob a imirt ar do ghléas nascadh leis in ionad nascadh leis an líonra dlisteanach. A luaithe agus a nascann an t-íospartach leis an teophointe bradach is féidir leis an haiceálaí óstach faisnéis an íospartaigh a ghoid agus is féidir leis uirlisí a úsáid chun bogearraí mailíseacha a instealladh isteach sna gléasanna atá nasctha leis.


Last modified: Wednesday, 17 November 2021, 3:38 PM