Cóipcheart: Wright Studio
Cosnaíonn ballaí dóiteáin ríomhairí indibhidiúla agus líonraí áitiú
la ó ionsaithe ach céard a tharlaíonn nuair a theastaíonn uait faisnéis thábhachtach a sheoladh do dhuine nach bhfuil nasctha le do líonra?
Tá an fhadhb choitianta ag eagraíochtaí atá lonnaithe in áiteanna éagsúla geografacha nach féidir leo nascadh le líonra roinnte a gcuid faisnéis a sheoladh go slán ó ríomhaire amháin go ríomhaire eile. Seo an áit a thagann VPN isteach chun an fhadhb seo a réiteach. Ligeann VPN duit nasc slán a chruthú le líonra eile thar an idirlíon. Mar sin, is féidir VPN a úsáid chun:
- líonraí achair logánta a nascadh go slán thar an idirlíon (m.sh ag roinnt faisnéise idir oifigí éagsúla atá mar chuid den chomhlacht céanna)
- ligean d’úsáideoirí le gléasanna moibíleacha rochtain chianda a fháil ar líonra corporáideach ag baint úsáid as an idirlíon (m.sh nuair atá tú ag obair ón mbaile)
- bheith i gceannas ar rochtain laistigh de thimpeallacht inlín.
Go bunúsach, nascann VPN do ghléas (ríomhaire pearsanta/fón cliste/taibléad) le ríomhaire eile (freastalaí a thugtar ar an ríomhaire seo) áit éigin ar an idirlíon agus ligeann sé duit brabhsáil a dhéanamh ar an idirlíon ag baint úsáid as nasc idirlín an fhreastalaí sin. Más rud é go bhfuil an freastalaí sin lonnaithe i dtír eile, tiocfaidh sé aníos ar an scáileán go bhfuil tusa ag teacht ón tír sin chomh maith. Mar sin, féadfaidh leat rochtain a fháil ar rudaí nach féidir leat rochtain a fháil orthu go hiondúil. Ar an ábhar seo, tá forbairt déanta ar úsáidí VPN chun úsáidí eile a chur leo cosúil le:
- Sriantaí geografacha ar shuíomhanna gréasáin nó ar shruthú fuaime agus físeáin a sheachaint.
- Tú féin a chosaint ó chúléisteacht ar theophointí Wi-Fi neamhiontaofa.
- D’fhíorshuíomh ar líne a cheilt
Tá an fhadhb choitianta ag eagraíochtaí atá lonnaithe in áiteanna éagsúla geografacha nach féidir leo nascadh le líonra roinnte a gcuid faisnéis a sheoladh go slán ó ríomhaire amháin go ríomhaire eile. Seo an áit a thagann VPN isteach chun an fhadhb seo a réiteach. Ligeann VPN duit nasc slán a chruthú le líonra eile thar an idirlíon. Mar sin, is féidir VPN a úsáid chun:
- líonraí achair logánta a nascadh go slán thar an idirlíon (m.sh ag roinnt faisnéise idir oifigí éagsúla atá mar chuid den chomhlacht céanna)
- ligean d’úsáideoirí le gléasanna moibíleacha rochtain chianda a fháil ar líonra corporáideach ag baint úsáid as an idirlíon (m.sh nuair atá tú ag obair ón mbaile)
- bheith i gceannas ar rochtain laistigh de thimpeallacht inlín.
- Sriantaí geografacha ar shuíomhanna gréasáin nó ar shruthú fuaime agus físeáin a sheachaint.
- Tú féin a chosaint ó chúléisteacht ar theophointí Wi-Fi neamhiontaofa.
- D’fhíorshuíomh ar líne a cheilt
Last modified: Wednesday, 17 November 2021, 3:45 PM